Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

ċaiṫeaṁ uaiḋ. Fé ḋeire ṫáinig eagla ar an bportán roimis. Ṫáinig droċ aṁras aige air, agus droċ iontaoiḃ aige as. “Marḃóċaiḋ sé mé oíḋċe eigin agus mé am ċodla!” ar seisean. “Tá sé ċóṁ maiṫ agam tusaċ do ḃeiṫ agam air,” ar seisean. Do ṁairḃ sé an t-aṫair níṁe an oiḋċe sin.

Nuair a ḃí an t-aṫair níṁe marḃ do ḃí sé sínte amaċ, ċóṁ díreaċ le riaġail, ar an úrlár, agus gan cor ná lúb anonn ná anall ann.

D’ ḟeuċ an portán air ar feaḋ tamail. Fé ḋeire duḃairt sé, as a ṁaċtnaṁ,—“Dá mbéaḋ do ḃeó ċóṁ díreaċ le d’ ṁarḃ ba ṡiaide do ṡaoġal é.”

An Múineaḋ.

An rógaire is caime déinean an bás fear díreaċ dé.

“Seaċain gleacaíḋe milis sleaṁain.”

Ná déin caidreaṁ le feall nó déanfar an feall ort.

“Is mairg a ḃíon ṫíos ar an gcéad ḃeárnain.”



12.—AN SEALGAIRE AGUS AN COLÚR.


Ċuaiḋ sealgaire amaċ lá ag sealgaireaċt. Ċonaic sé colúr ar ċrann. Ċuir sé saiġead fé ṡraíng a ḃoġa. Do leig sé é féin ar a leaṫ ġlúin ċum an urċair do ċaiṫeaṁ. Díreaċ le línn é ḃeiṫ ċum an urċair do ċaiṫeaṁ, agus a ġlúin ag teaċt ċum tailiṁ, do ċuir sé órdóg a ċoise deise ar aṫair níṁe a ḃí ’na luíġe sa ḃféar laistiar dé. Do rug an t-aṫair níṁe ar ṡáil air. Do léim sé suas gan an t-urċar do ċaiṫeaṁ agus do ċuaiḋ an t-eun saor.

Do ġluais an níṁ ó ḟiacal na péiste tríd an sáil agus tríd an gcois agus tríd an gcolainn ar fad, agus ba ġearr go raiḃ an duine i n-uaḋaċt ḃáis.

“Á!” ar seisean. “Ṫáinig an t-olc tímpal. An bás a ċeapas do’n eun isé is trúig ḃáis dom féin!”

An Múineaḋ.

An t-é ḋeinean an t-olc is air a ḃíon iarsma an uilc, .i. an peacaḋ. Ní túisge ṫugan an duine toil do’n ṗeacaḋ ’ná ṡatlan sé ar aṫair níṁe. Cuirean an peacaḋ fiacal níṁe ann agus gaḃan an niṁ sin tré n-a ċroíḋe agus tré n-a anam.

Téiḋan an t-éun saor, áṁ. Ní ṫéiḋan an peacaḋ ṫar an t-é ḋeinean an t-olc. An t-é ḟuilgean an t-olc ní ḃíon aon smól de’n ṗeacaḋ air.