Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

10

AESOP

A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN.

Cuid II.



10.—AN MADA RUAḊ SA TOBAR.


Ṫuit mada ruaḋ síos i dtobar lá. Ḃí an tobar ró ḋoiṁinn agus na fallaíḋe ’n-a ṫímpal ró ṡleaṁain agus do ṫeip air teaċt ainíos. B’ é a ḋíṫċioll é féin do ċoimeád gan dul fé uisge.

Ṫárla do ṁaċtíre ḃeiṫ ag ġaḃáil ṫar an dtobar. D’ airiġ sé an rud ag coruíġe ṫíos ins a’ tobar. D’ ḟeuċ sé síos. “Ó! a Reinaird an ċroíḋe ’stig!” ar seisean, “cad d’imṫig ort, nó conus a ċuais ansan síos! Ó! Ó! Ó! Mo ṫruaġ ṫu, a ḟir ḃoċt! Go deiṁin féin agus go dearḃṫa is oṫ liom go mór a leiṫéid de ṁatalang do ṫuitim amaċ duit. Ó! go deiṁin agus go dearḃṫa is fada nár ṫáinig aon níḋ crosda orm is mó ċuir de ċaṫúġaḋ orm ’ná tu ḟeicsint i n-a leiṫéid de ċás.”

Ċóṁ luaṫ agus fuair an mada ruaḋ caoí ar ḟocal do laḃairt do laḃair sé. “Is maiṫ an rud truaġ ḃeiṫ agat do ḋuine, gan aṁras, aċt dá ndéintá iaraċt éigin ar mé ṫarang amaċ as an áit seo,” ar seisean, “ba ḋóiċ liom gur ṫairḃíġe é ’ná a ḃfuil de ċaint agat.”

An Múineaḋ.

“Ní ċoṫuíġid na bréiṫre na bráiṫre.”



11.—AN T-AṪAIR NÍṀE AGUS AN PORTÁN.


Do ṫárla portán agus aṫair níṁe i n-aontíġeas. Ḃí an portán macánta díreaċ ’na ṁeón agus ’na ċroíḋe. Níor ṁar sin do’n aṫair níṁe. Ḃí sé ’na lúbaire ċam ċealgaċ. Níor ṫaiṫn an lúbaireaċt agus an camastuíol leis an bportán. Ṫug sé cóṁairle a leasa go minic do’n aṫair níṁe aċt ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann. Ḃí an cam agus an ċeilg sa n-aṫair níṁe do réir dúṫċais agus ní ċuirfaḋ an saoġal ḟiaċaiḃ air iad do