Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
There was a problem when proofreading this page.

9

uirṫi. Ba ġearr go raḃdar anáirde uirṫi ’na ḃfiċidiḃ. Níor ċuir sise cor dí.

“Aċ!” ar siad, “ní’l sa ríġ seo aċt ríġ gan ṁaiṫ!”

Ṫiomáineadar teaċtaireaċt eile ag trial ar Iupiter ’ġá iaraiḋ air ríġ do ċur ċúċa "go mbéaḋ gníoṁ ann."

“Imṫiġ,” arsa Iupiter le n-a ġiolla, “agus taḃair dóiḃ siúd ríġ go mbéiḋ gníoṁ ann.”

D’imṫiġ an giolla agus ṫug sé leis aṫair níṁe, áraċtaíḋe do ṗéist ṁór ċraosaċ, agus ċaiṫ sé sa loċ ċúċa an ṗiast. Ní túisge ṫúirling an ṗiast sa lóċ ’ná ġluais sí i ndiaiġ na ḃfrogana ’ġá n-iṫe ar a díṫċioll.

Do liúġdar ar Iupiter an ṗiast do ṫógáilt uaṫa. “B’ḟéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfaḋ ríġ ba ṁeasa ’ná é ’na ḋiaiġ ċúġaiḃ.”

“A!” ar siad. “Is truaġ ċráiḋte nár ḟanamair mar ḃí againn ar dtúis. Is maiṫ is cuíṁin linn a ḟeaḃas a ḃí an saoġal againn!”

“An t-é ná béiḋ ciall aige béiḋ cuíṁne aige,” arsa Iupiter leó.




9.—AN MAC AGUS A ṀÁṪAIR.


Ḃí an mac ar sgoil agus ġoid sé leaḃar ó sgoláire eile. Nuair ṫáinig sé aḃaile agus an leaḃar aige is aṁlaiḋ a ṁol an ṁáṫair an gníoṁ a ḃí déanta aige. Ba ġearr gur ġoid sé tuille agus má ġoid do ṁol sí níos fearr é.

Fé mar a neartuiġ sé sa n-aois do ċruaiḋ sé sa ġaduíġeaċt agus ṫug sé a lán neiṫe ba ḋaoíre ’ná a ċéile ċum a ṁáṫar.

Fé ḋeire do rugaḋ air agus do daoraḋ ċum a ċroċta é. Ḃí sé ṫuas ar an gcroiċ agus an teud fé n-a ṁuineál. Ḃí a ṁáṫair ’na seasaṁ ag bun na croiċe agus í ag gol.

D’iar sé ar an luċt coimeádta leigint dó focal do laḃairt léi. Do leigeaḋ anáirde í. Do ċrom sé a ċeann ċum a cluaise mar ḃéaḋ sé ċum cogair a ṫaḃairt dí. I n-a inead san is aṁlaiḋ a rug sé ar ċluais uirṫi le n-a ḟiacalaiḃ. Do ḃain sé an ċluas ó’n gceann dí!

Do sgread a raiḃ láiṫreaċ le grain ar a leiṫéid de ġníoṁ ag mac d’á ḋeanaṁ ar a ṁáṫair agus é ag dul ċum báis.

“Stadaig, a ḋaoíne maiṫe,” ar seisean. “Cé is dóiċ liḃ a ṫug ċum na croiċe seo mise?” ar seisean. “Siní ansan í,” ar seisean. “Dá ngaḃaḋ sí orm go maiṫ le slait an lá a ġuideas an leaḃar ní ġuidfinn a ṫuille agus ní ḃéinn anso anois.”

An Múineaḋ.

Tosaċ an uilc isé is usa do ċosg.

“Nuair ċruaḋan an tslat is deacair í ṡníoṁ.”

“Ní ḃíon an raṫ aċt mar a mbíon an smaċt.”