Aesop a tháinig go h-Éirinn/An t-Úcaire agus an Gualadóir

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An t-Úcaire agus an Gualadóir
[ 29 ]

40.—AN T-ÚCAIRE AGUS AN GUALADÓIR.


“Tar,” arsan gualadóir leis an úcaire, ”agus déinimís aontíġeas. Ní’l ann aċt beirt againn agus déanfaiḋ aon tig aṁáin ár ngnó.”

“Ambasa,” arsan t-úcaire, ”ní ḋéanfaḋ san an ḃeart go deó.”

“Cad ’na ṫaoḃ?” arsan gualadóir.

“Sdó,” arsan t-úcaire, ”ní túisge ḃéaḋ rud glan agamsa ’ná ḃéaḋ sé salaċ agatsa.”

An Múineaḋ.

“Seaċain an droċ ṫeangaḃálaíḋe.”