Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Cat agus an t-Óigfhear

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Cat agus an t-Óigfhear
[ 29 ]

39.—AN CAT AGUS AN T-ÓIGḞEAR.


Ṫáinig gráḋ ag cat d’ óigḟear. D’iar an caitín ar Ḃénus í ċur i rioċt mná óige. Do ċuir, agus do pósaḋ í féin agus an t-óigḟear.

Ansan dob áil le Ḃénus a ḋéanaṁ amaċ ar aṫruig aigne an ċait fé mar aṫruig a gné.

Ḃí an lánṁa ag caiṫeaṁ a gcoda lá i ḃfoċair a ċéile. Ċuir Ḃénus luċ ar an úrlár. Ċonaic an ḃean an luċ. Ní túisge a ċonaic ’ná do léim sí ó’n mbórd. Do leagaḋ an bórd agus do briseaḋ na miasa, aċt do rugaḋ ar an luiċ.

“Éiriġim asat!” arsa Ḃénus. ”Ní ḋéanfaḋ Éire ḋíot aċt cat!” agus ċuir sí ’na rioċt féin airís í. ”Is maiṫ atá sgarṫa agatsa léi,” arsa Ḃénus leis an ḃfear.

An Múineaḋ.

“Brisean an dúċas tré ṡúiliḃ an ċait.”

Seaċain-se, a ṁeic ó, agus ná pós cat i rioċt mná óige, dá ḃreáġṫaċt í, nó bain an ċluas díom go leagfar an bórd agus go mbrisfar na miasa lá éigin.