Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Áinle agus na h-Éin Eile

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Áinle agus na h-Éin Eile
[ 24 ]

32.—AN ÁINLE AGUS NA H-ÉIN EILE.


Ḃí ros lín ag fear d'á ċur i bpáirc. Ċonaic an áinle é. D'imṫig sí agus ḃailig sí na h-éin eile. "Féuċ," ar sise leó, "tá sé siúd ag cur rois. Is as an ros san d'ḟásan an líon d'a ndéintear na líonta le n-a mbeirtar ar éunaiḃ. Téanaíg liomsa laiṫreaċ agus piocaimís an ros as an iṫir sul a mbeiḋ uain aige ar ṗréaṁúġaḋ. Ansan ní ḃeiḋ an líon ann agus ní féadfar na líonta do ḋéanaṁ 'ná iad do ċur róṁainn ċum ár marḃṫe."

Níor ċuireadar suím inti. Níor piocaḋ an ros agus do ṗréaṁuig sé agus ṫáinig an líon os cionn tailiṁ.

Ḃailig an áinle na h-éin airís.

"Féuċ," ar sise, "tá sé os cionn tailiṁ. Aċt ní'l sé ró ḋéanaċ fós againn. Téimís agus staṫimís as an dtalaṁ é sul a neartuiġiḋ sé."

Níor ċuireadar aon tsuím inti, agus d' ḟás an líon go raiḃ sé 'na loirgniḃ árda. [ 25 ]“Téimís,” ar sise airís leó, “agus bainimís an ceann dé agus loitfiḋ san anois féin é.” Níor ḋeineadar aċt ḃeiṫ ag magaḋ fúiṫi agus ag glaoḋaċ “áinle an ḟeasa” uirṫi.

Nuair ċonaic sí ná glacfidís cóṁairle a leasa uaiṫi isé rud a ḋéin sí ’ná imṫeaċt uaṫa ar fad. Ó ṡin aleiṫ séanan an áinle na coillte agus na craoḃċa agus déinean sí a nead fé ḋíonaiḃ agus fé ṡlíngiḃ agus fé sgiḃéalaiḃ na dteaċ, i n-áit náċ baoġal dí líonta.

An Múineaḋ.

“Is usa an t-olc do ċosg i n-am ’ná é leiġeas i n-antráṫ.”

“Ní h-é lá na gaoíṫe lá na sgolb.”

“Ní h-é am na cneadaíġe am na h-aiṫríġe.”

“Is fearr féuċaint roiṁe ḋuine ’ná ḋá ḟéuċaint ’na ḋiaiḋ.”

“An t-é ná déanfaiḋ a leas seaċain é nó ní ḋéanfir-se do leas.”