Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Sgiathán Leathair agus an Eas

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Sgiathán Leathair agus an Eas
[ 25 ]

33.—AN SGIAṪÁN LEAṪAIR AGUS AN EAS.


Do rug eas ar sgiaṫán leaṫair. “Ó! ná mairḃ mé! Iaraim ar ġráḋ ṫ’ oinig é, taḃair faoiseaṁ dom!” arsa ’n sgiaṫán leaṫair.

“Ní ṫugaim dul as d’ éunaiḃ,” arsa ’n eas.

“Sdó, ní h-éun mise. Féuċ, is luċ mé,” arsa ’n sgiaṫán leaṫair.

D’ ḟéuċ an eas air. “Is dóiċ liom go ḃfuil an ceart agat,” ar sise, agus do sgaoíl sí uaiṫi é.

Tamal ’na ḋiaiḋ san do rug eas eile air. “Ó!” ar seisean airís, “ná mairḃ mé! Iaraim ar ġráḋ ṫ’ oinig é, taḃair faoiseaṁ dom.”

“Ní ṫugaim dul as do luċaiḃ,” arsa’ n eas.

“Sdó, ní luċ mise,” ar seisean. “Feuċ, siniad mo ḋá sgiaṫán. Is éun mé.”

“Ní deirim ná go ḃfuil an ceart agat,” arsa’ n eas, agus do sgaoíl sí uaiṫi é.

An Múineaḋ.

Is maiṫ an rud do ḋuine ḋá ṡraing do ḃeiṫ ar a ḃoġa aige, aċt gan feall do ḋéanaṁ ar aoinne leó.