Suantraidhe agus Goltraidhe/A Chinn Áluinn

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Suantraidhe agus Goltraidhe  (1914)  by Pádraig Mac Piarais
A Chinn Áluinn
[ 12 ]

A ĊINN ÁLUINN.

A ċinn áluinn na mná do ġráḋas,
I lár na hoiḋċe cuiṁniġim ort:
Aċt filleann léargus le gile gréine,―
Mo léan an ċnuṁ ċaol dod’ ċnaoi anoċt

A ġlóir ionṁuin dob’ íseal aoiḃinn,
An fíor go gcualas trém’ ṡuanaiḃ ṫu?
Nó an fíor an t-eolas atá dom’ ḃeo-ġoin?
Mo ḃrón, sa tuamba níl fuaim ná guṫ!