Suantraidhe agus Goltraidhe/Fada Liom do Teacht

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Suantraidhe agus Goltraidhe  (1914)  by Pádraig Mac Piarais
Fada Liom do Teacht
[ 13 ]

FADA LIOM DO ṪEAĊT.

Fada liom do ṫeaċt,
A ṡean-eaċlaiġ Dé,
A ċara na gcarad,
Dom’ sgaraḋ lem’ ṗéin.

A ṡiolla ar an ngaoiṫ,
A ċoiscéim naċ trom,
A láṁ san doirċeaċt,
Ḃur dteaċt is fada liom.