Suantraidhe agus Goltraidhe/A Mhic Bhig na gCleas

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Suantraidhe agus Goltraidhe  (1914)  by Pádraig Mac Piarais
A Mhic Bhig na gCleas
[ 10 ]

A ṀIC ḂIG NA gCLEAS.

A ṁic ḃig na gcleas,
Is maiṫ is fear dom
Go ndearnais mí-ġníoṁ:
Can go fíor do loċt.

Maiṫim ḋuit, a leinḃ
An ḃéil deirg ḃuig:
Ní ḋaorfar liom neaċ
Ar ṗeacaḋ nár ṫuig.

Do ċeann maiseaċ tóg
Go bpógad do ḃéal:
Má’s feirrde aon dínn sin,
Is feirrde mise é.

Tá cuṁraċt id’ ṗóig
Naċar fríṫ fós liom
I bpógaiḃ na mban
Ná i mbalsam a gcorp.


[ 11 ]

A ṁic na rosg nglas,
An lasair sin id’ ġnúis
Dem’ uaṁan ḃeaḋ bán
Dá léigfeá mo rúin.

An té ‘gá ḃfuil mo rúin,
Ní fiú é teagṁáil leat:
Naċ truaġ an dáil sin,
A ṁic ḃig na gcleas?