60
seanleoṁan tamall fada n-a foċair n-a cuas féin. Ag cur síos ar na seódaiḃ áilne do ṡil an Búrla ḃíodar gan aiṁreas! Ní ċreidfeaḋ a ċéile an sgéal uaiḋ i dtosaċ. B’éigin dó greim maiṫ ḃaint as a cluais leis an ḟirinne a ċur n-a luiḋe uirṫi! Ċreideaḋ sí a n-abruiġeaḋ sé n-a ḋiaid sin. Na coileáin ḃí ag éisteaċt leis an gcoṁráḋ, ċeapadar go mba ḃreáġ an rud é dá ḃféadaidis féin seóda dá saġas a ṡileaḋ, aċt níor ḟéad.
B’é sin céad ċaoineaċán an Ḃúrla i ḃforaois na leoṁan.
XXVII.
Ní raiḃ leaṫ a ṡáiṫ guil déanta ag an mBúrla gur éalaiġ sé leis ó Ṁáire Ḃáin, agus siúd ar aġaiḋ é go ráinig imeall na coille. Níor ṁoṫaiġ sé dealg ná cloċ ġéar le ċoṁ tiuġ garḃ is ḃí an craiceann ar a ġlúnaiḃ agus ar a ḃosaiḃ ó’n láṁacán ċleaċtuiġeaḋ sé
Bí maċaire áluinn ar imeall na foraoise agus aḃainn ṁór ṁall ag gluaiseaċt ṫríd. Ḃuail sé faoi ar ṗlásóig aoiḃinn cois na haiḃne seo. Ḃí an ġealaċ lán san spéir, agus an ṁuir ṁór n-a braiṫlín luaimneaċ solusṁar ós a ċoṁair amaċ. Aċt ní ar an muir ná ar an ngealaiġ ná ar an aḃainn ḃí a áird, aċt é ġá ṫaċtaḋ le brón agus le doilġeas croiḋe. Ṫáinig raḃarta mór cuṁa air go raiḃ sé i ḃfad ó n-a ṁuinntir. Ḃeireaḋ sé a raiḃ aige ḃeiṫ sa mbaile arís. Ḃí gráin aige ar na hainṁiḋṫib, ar Ḋeaideó, ar Ṁaire féin. Dá mbeaḋ a bealaċ féin aige ceann ní ḟágfaḋ ar ḃeiṫiġeaċ ná ar ḋuine!
Ḃí an ċloċ ṫeine go fluirseac ar ḃruaċ na haiḃne. Rug sé ar ċloiċ díoḃ agus ṡocraiġ go deas sa talaṁ í. Annsin ṫosaiġ air ġá ḃualaḋ le ceann eile leis an aimsir a ċaiṫeaṁ ḋó féin.
Níorḃ ḟada gur leig sé air gur ceann náṁad ḃí ġá ḃualaḋ aige.