59
aċt ar ġlórṫaiḃ na mbeiṫiḋeaċ allta ḃí le clos aca ó áirdiḃ na foraoise ag sgréaċġail agus ag béiciuġaḋ gaċ n-aon díoḃ de réir a ḋuṫċais féin.
Ṫáinig cuṁa ar Ṁáire naċ raiḃ neaċ ann laḃraḋ léiṫi. Ḃain sí cainnt as an mBúrla ċeana nuair ṫug sí an leadraḋ mór ḋó.
“Buailfead arís ṫú mara laḃraiḋ tú liom,” ar sise leis.
Níor laḃair.
Ṫug sí palltóg eile faoi ’n gcluais ḋó.
“’Nois a laḃraiḋ tú líom?” as sise go niṁneaċ.
Ṡíl an Búrla boċt naċ raiḃ aċt éagcoir sa saoġal. Ḃí na smaointe céadna n-a ċeann is ḃí an lá fadó bualaḋ é i nGailliṁ mar ġeall ar a ċísde ċailleaḋ. Níor ḟéad sé na smaointe duḃa sin a noċtaḋ ṫrí briaṫ- raiḃ, aċt marar ḟéad ḃí a rian le feiceál n-a ġnúis le solus na gcruṁ.
Ḃog a ḃéal. Ḃog na súile. Ṫáinig ḋá ḋeóir ṁóra faoi gaċ súil díoḃ. Ḃí liopa mór creaṫaċ air. Ḃí fad naċ gnáṫaċ n-a ċeannaċaiḃ. Anois agus arís, do éaluiġeaḋ orna lag naċ gcloisfiḋe aċt le duaḋ uaiḋ.
Ḃí Deaideó ag béal na pluaise agus é ag sgrogaḋ a ṁuineáil ag iarraiḋ iad ḟeiceál. Ní ḟaca sé a leiṫéid de ḃail ar ḋuine ná ar beiṫiḋeaċ le n-a ḃeó. Céard a ḃí ar siuḃal aca ar ċor ar biṫ?
Sgaoileaḋ an greim ḃí ag an ndeór ṁór san tsúil, agus siúd le fánaiḋ é go réiḋ mall. Aċt má d’éaluiġ an deór sin, ṫáinic ceann eile n-a ionad gur sgaoileaḋ é sin mar an gcéadna. Ċuaiḋ naoi gcinn díoḃ le fánaiḋ leicinne an Ḃúrla gan móran aċair, agus loinnir ṁaiṫ i ngaċ ceann díoḃ.
Ba ṁór é iongantas an tseanleoṁain a ċara beag ḟeiceál ag sileaḋ seód fliuċ! Ṫug sé an ṗluais air féin agus ṫosaiġ ag maċtnaṁ ar an sgéal.
Agus na cruiṁ ḃoċta ṡolusṁara, is beag nár báiṫeaḋ a lán díḃ!
Nuair ṫáinic a ċéile aḃaile ċuige ṫar éis ḃeiṫ ag fiaḋaċ ar fud na foraoise ar feaḋ na h-oiḋċe, ċaiṫ an