Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

61

“Anois a Ḋeaideó, naċ n-íosaiḋ tú an ḟeóil ḃronnfas mise ort!” ar sé ag bualaḋ an dá lic i n-aġaiḋ a ċéile go niṁneaċ gur ḃain teine asta.

Ba ṁór an sásaṁ ḋó sin.

“A Ṁáire ṡalaċ a’ mbainfiḋ tú gol asamsa arís!”

Ṫáinig an ċloċ ḃí n-a láiṁ aige anuas go trom ar an gcloiċ eile, ar ċeann Ṁáire mar ḋ’eaḋ.

“A ṁoncaiġ na sróine guirme a’ gcuirfiḋ tú ionga ’mo ċeaṫraṁain aris!”

Ḃain sé splannc as na cloċaiḃ

Ḃí séasúr na triomaċta ann, agus ḃí an caonaċ agus an críonlaċ ḃí ṫart timċeall ċoṁ tirm so-ḟadaiġṫe le púdar gunna. Ṫuit splannc sa gcaonaċ agus ba ġearr go raiḃ sé fré ṫeine.

Ní ḟaca an gasúr teine ó d’ḟág sé an Ḃrídeóg agus ba ṁór an luṫġáir ḃí air na lasraċa breáġa ḟeiceál arís. Ḃailiġ sé a raiḃ de ḃrosna agus de ċríonlaċ coille i ḃfogus dó agus d’ḟadaiġ teine ṁór.

An ġaoiṫ anoir ó’n ḃfairrge ḃí ann an oiḋċe sin, agus ba ġeárr gur fríṫ balaḋ an toiteáin san ḃforaois. Ní raiḃ an balaḋ céadna sin ann ċeana, le cuiṁne an ainṁiḋe ba ṡine dá raiḃ ann agus ṫosaiġeadar uile ag déanaṁ ar an áit go ḃfeicfidís céard a ḃí ar siuḃal. Ḃí an oiread sin iongantais orṫa gur ḋearmad na cinn ḟíoċṁara na cinn ċiúine a ionnsaiġe.

Ṫáinig an tíogar niṁneaċ fealltaċ agus cé ḃeaḋ le n-a ais aċt an gaḃar coille nár ċuir diúil i ḃfuil ná i ḃfeoil ariaṁ; ḃí giraf an ṁuineáil ḟada ann agus a ċeann sa naér go mórḋálaċ aige; ḃí an t-elefant ann agus toirt tiġe ḃig ann; ḃí míolta beaga ann naċ ḃfeictear aċt go hannaṁ agus iad ag caoċaḋ súl ar a ċéile; ḃí an clann ṁoncaiġ an ár ndóiġ, agus iad ċoṁ soluṁanta le croċaire óg. Ḃí cineál bradán san aḃainn ar gnáṫaċ leó a gcinn ḃeiṫ ós cionn uisge san oiḋċe, agus ḋruideadar leis an mbruaċ ag féaċaint ar an iongantas, aċt ba ró ḃeag an ṁoill orṫa iad ḟéin a ṫumaḋ faoi ’n uisge nuair ṫáinig crogal mór gránda an bealaċ le lán a ḋá ṡúil ḃaint asta!