Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
46
TÁIN BÓ CUAILNGE

féin é. Tá riġneas agat dá ċur orainn i dtreó go mbeaḋ uain ag Conċoḃar agus ag laoċra Ulaḋ ar ḃeiṫ ollaṁ dúinn. Ní ḟeadar-sa ná go mb’ ḟéidir go ḃfuil sgéala curṫa agat ċúċa. Níor ḋóiċiġe riaṁ é. Tusa! An Fearġus mac Rosa úd nár ḋein feall riaṁ!

F.—Is fíor é, a ríogan! Níor ḋein Fearġus mac Rosa feall riaṁ!

M.—Níor ḋein dar ndóiċ! Ní feall ḃeiṫ i ngéilsine ḋoṁsa agus páirt do ṫógáilt le Conċoḃar. Ár sluaġ do ċoimeád annso ag gluaiseaċt ó ṫuaiḋ agus ó ḋeas, ó ṫuaiḋ agus ó ḋeas; gan aon ċiscéim do ṫaḃairt soir. Ní feall é sin. Ní heaḋ i n‑aon ċor. Ní mar sin a léiġtear feall i n‑aigne Ḟearġuis. An rud dob ḟeall ó ḋuine eile ar Ḟearġus ní feall ó Ḟearġus ar ḋuine eile é. Abraḋ Fearġus a roġa rud, deirim-se gur feall orm-sa ó Ḟearġus ḃeiṫ ag cur an ṁór-ṡlóiġ so ar míriar ar ṁaiṫe le Conċoḃar. An té atá ’gá ḋéanaṁ deirim gur fear fill é. Agus deirim gur fear fill Fearġus.

(Ag taḃairt fé n‑a ḃualaḋ arís. Gaḃas Fearġus an láṁ ’na ġlaic ’ġá ċosaint féin ar a mbuille.)

F.—Go réiḋ! a ’nġín Eoċaiḋ. Ní ṫuigean tusa an obair, agus dá ḋeasgaiḃ sin leog doṁsa caint do ḋéanaṁ. Dá mba ná beaḋ sa tsluaġ so aċ a ḃfuil fé láiṁ ag na seaċt Mainiḃ ní ró ṫapaiḋ a féadfaí iad do ċur ar siuḃal. Níor ḃ’ ḟoláir aireaċas maiṫ cruinn do ḋéanaṁ nó do ċuirfeaḋ caime na mbóiṫre agus anacra na sliġe tríoċa céad díoḃ i n‑acran i dtríoċa céad eile. Dá mba ná beaḋ againn aċ an méid atá ag na Mainiḃ agus ag Macaiḃ Máġaċ níor ḃ’ ḟoláir