Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
47
TÁIN BÓ CUAILNGE

a ḋá oiread san, ní heaḋ aċ a ṫrí oiread, aireaċais do ḋéanaṁ. Fé mar a méaduiġṫear an líon ní foláir an t‑aireaċas do ṁéadú ar a ḋúbailt. Tá ċeiṫre ollċúige Éirean annso againn ar aon tslógaḋ agus iad le stiúrú againn tré ḃoiṫriḃ cama cuṁnga, i dtír ċas anacair. Is maiṫ an té ḟéadfaḋ iad do stiúrú agus eólus do ḋéanaṁ dóiḃ agus gan a leogaint do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ acu iomard ná toirmeasg a ḋéanaṁ do ḋuine ná do ḃeiṫiḋeaċ eile acu. Is minic náċ foláir do ċuid de’n tsluaġ seasaṁ aḃfad i n‑aon inead ċun tuille do leogaint ṫórsa. Is minic náċ foláir do ċuid acu dul sgaṫaṁ i ndiaiḋ a gcúil ċun gan tuille acu do ċur i n‑aiṁréiḋ. Is aṁlaiḋ mar atá an sgéal, ní’l an fear san beó d’ḟéadfaḋ an mór-ṡluaġ so do láiṁseáil i gceart mara mbeaḋ an riar a ċuir Méiḃ féin orṫa nuair a ċuir sí gaċ drong um a rí agus gaċ réim um a ríogra agus gaċ buiḋean um a dtaoiseaċ. Ní buiḋean ná cualaċt atá fé láiṁ gaċ rí agus ríoġḋaṁna d’ ḟearaiḃ Éirean annso aċ mór-ṡluaġ fé leiṫ! Ní féidir na mílte fear so do ċur ar siuḃal agus ar gluaiseaċt i gceart gan aimsir do ṫógaint ċuige. Dá mba ṁian liom-sa feall do ḋéanaṁ ar Ṁéiḃ agus páirt do ġaḃáil leis an ḃfear a ḋein an feall orm féin, ní ḃeaḋ agam aċ an ġluaiseaċt do ḃrostú. Annsan do ḃeaḋ toil Ṁéiḃ agam dá ċur ċun cinn. Do ṁolfaḋ Méiḃ mo ḋúṫraċt agus mo ḋílse. Ba ġearr go mbeaḋ toirmeasg agus fearg agus tnúṫ agus miosgais idir ḃuiḋniḃ agus idir ríġṫiḃ agus idir ṫuaṫaiḃ agus idir ċineaċaiḃ an ṁór-ṡlóiġ. Ba ġearr go n‑imreóċaidís an faoḃar ar a ċéile