Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
520]
15
Betha Chiaráin tSaighre.

a chuídechta agus do bhí fuacht mór orra óir do b'aimsir shnechtamail ann . do chuaid senChiarán amach agus do shín a lámh chum dia maille re húrnaigthib diochra . do thuit caor theintidhé ina ucht agus do iaidh benn a bhruit uimpe agus rug leis [í] do'n tig a rabadar na haoighedha. arna ngoradh dhóib do hullmaigedh suipéir agus ar suidhe dóib dá chaithemh adubairt Ciarán cluana nach caithfedh biad nó [go] bfuighbhedh aisec an leinb. adubairt senChiarán : atá a fhios againn gur bh'í sin do thoisc . doghéna dia dhúinne go dtiocfadh sé ina bhethaidh chugatsa agus caith do chuid óir atá an lenb sin chugainn. táinic an lenb fá bhréithir Chiaráin agus arna fhaicsin dóib tugsat grása do dhia agus dá naomthacht . do chaithset a gcuid agus d'imthig Ciarán cluana agus a lenb leis go Cluain ar ngabáil bhennachtan tsenChiaráin .

Lá eile táinic bráthair áo bhráithrib Chiaráin dar bh'ainm Báithín agus do mhúch an teine arís go heisinnill dá aimdeoin . dorigne aithrighe agus do ghab absolóid. táinic an lá sin Ruadhán lothra ar cuairt do'n bhaile chum Ciaráin . ni raibe teine re linn na naoighedh isan mainistir . do chuaid Ciarán chum cloiche do bhí láim ris agus do bhennaig i . do las an chloch i gcédóir agus do ghab Ciarán an chloch chuige idir a dhá lámhaib agus rug leis í mar sin gusan tig a rabadar na haoigheda. mar atchonnairc Ruadhán sin gona dheiscioblaib tucsat glóir agus moladh do dhia agus do Chiarán .

An bráthair adubramar .i. Báithín : do dhoirt sé soithech bainne do bhí dá ionrtehar aige agus do chuir Ciarán comartha na croise césta ar an soithech agus do bhí lán . do ghab egla an bráthair do dhoirt an bainne agus drong eile do na bráithrib roim a maighistir roim Chiarán . agus do daingnigedh isan gcreidiomh agus isna deghoibrigthib dá éisi .

Do bhí Ciarán lá ag dénamh úrnaigthe chum a thigerna agus táinic an taingel agus d'foillsig do go raib aimsir a bháis leth astig do láthair ghirr [ms. gerr] . do iarrsan trí hathchuinge ar dhia i bfiadnaise an aingil agus do fuair sé mar do iarr ó'n aingeal arna ngealladh dho ó dhia : an chéd athchuinge dhiob gach nduine do hadhnaicfidhe ina chathair agus ina reilig féin gan dóirse ifrinn d'iadhadh orra d'éis laithi an bhrátha . an dara hathchuinge gidbé dobhéradh onóir dá ló féin gan uiresbaidh saidbhresa an tsaoghail do bheith air agus neamh thall do . an