Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
16
[520b
Betha Chiaráin tSaighre.

treas athchuinge ‖ an cine dá raíbe sé féin .i. an cine osraighech agus d'ar phátrún é gan chlaoidhe i gcath go bráth ó chine echtrannach dá dtiocfadh go haindligthech do ghabáil a ndúithche féin orra . agus gan iadsan do dhul do dhénamh ghabáltais égcóir i dtalam eile .

An nech naomtha so d'ar labramar .i. Ciarán saighre ba mhór [a] umhladh in gach inad agus do b'inmain leis an scriptúir diadha d'éistecht agus do léghadh agus d'foghlaim go haimsir a bháis. agus aithrister go raibh sé maille re naomhaib Eirenn ina aimsir féin ag Findén chluana heraird agus go ndeachaidh i naois fhoirbthe agus i ndiadhacht mhóir isan sgoil sin . agus go nabar- thaoi dalta Finnéin ris mar ráidhtí le naomaib eile Eirenn . agus ar mbeith dho isan aois ársa ocus i negna mhóir agus arna mhúnadh go foirbthe mar adubramar agus ina esbog onóirech do ba dhingbhála leis bheith ag foghlaim agus daoine eile aga dtegasg uadha do ghradh na humhla agus na hegna. Ciarán imorro óna aois óig go haimsir a bháis nír ibh sé deoch ória mbiadh sé ar meisge agus nír ghab édach clúmhach ná bog uime agus nír chaith fledh agus nír chodail a sháith agus nír choimling i ninad ar bith tré ól na daoinechta . agus do iompaig sé a chine féin .i. an cine osraighech chum creídimh agus a lán do dhaoinib eile . do fiosraigedh é go minic ó na hainglib agus áp óirdnestar nuimhir mhór do espocaib agus do shagartaib agus do ghrádhaib eile na heglaise. do thegaisc an taingel tobar onóireach dho agus slánaigther mórán do ghalraib agus d'esláintib ó'n tobar sin . is é [a] ainm tobar Ciaráin .

Tríocha bliadan do chaith Ciarán ag seirbhís do dhia go dúthrachtach roim a bhaistedh . agus ar mbeith dho arna eslánu- gadh ó'n tsenndacht agus ó'n teinnios do chomfhoicsedar laithe a bháis do . agus do thogairm chuige a phobal agus a pharráistighe as gach áird a rabhadar agus do bhennaig iad. do aichin dóib aichenta dé do choiméd agus do ghab sácraimeint na heglaise chuige ann sin idir choraib naom an tres nonas do mhí mhárta maille re síthcháin Chríost agus do léig as a phobal uadha. agus do bhádar deich nespoic fhiched do óirdnestar féin do chead dé ar ndul i naon oidche ris dochum flaithis dé .

Críoch do bhethaidh Chiaráin . iarna sgríobhadh le Muiris O Conchubhair saor loinge a gCorcach (sic) .