Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
[519b
Betha Chiaráin tSaighre.

raibe a fhios aige cá rabhadar na ba do gheall sé do'n ‖ ríg. do chuaid Ciarán saighre leis tamall do'n tslighe dá sheoladh agus tugsat benrtacht dá chéile. adubairt Ciarán cluana : bíodh do thoradh mo bhennachtan saidhbres agus imad inmhasa agus spréidhe ad bhaile go bráth. adubairt Ciarán saighre : bíodh saidhbres egna agus crábaidh do bhrrgh mo bhennachtan at inadsa choidche . agus do fíoradh na briathra sin do gach leith. ar dtecht dóib chum an átha re a nabarthar áth salach fuaradar ar bhruach na habhann cheithre ba maola cennfhionna . adubairt Ciarán cluana : an bfaicir mar [tug] dia dhúinne na ba d'iarr an rí orrainn . agus do dhelaigedar ann sin re chéile ar dtabairt ghrása agus mholta do dhia agus ar ngabáil bhennachtan agus phóg a chéile mar chomartha shíthe agus ghrása. do iompaig senChiarán go saighir agus do chuaid [an] Ciarán eile go cluain . do chuir na ba chum in ríg agus do b'ingnad leisan ríg cinnus do b'féidir a leithéidedha sin do bhuaib d'faghbáil . agus ar mbeith do Chiarán saor óna gheallamhain do chuadar na ba ar neimhní go nár fríth a dtuarasgabáil ó shoin a lé. do thuig an rí ann sin gur b'égcóir a nderna re Ciarán .

Do bhí i mainistir chluana mhic Nóis leanbh dar bh'ainm Crithid . fa amadánta isna deghoibrigthib é agus fa urchóidech isna hoibrighthib mailísecha . táinic sé go saighir Ciaráin agus do bhí ann seal re senChiarán. do aichin Ciarán gan teine choisrectha do bhennaig sé an.cháisc roime sin áo mhúchadh go cenn bliadna isan mainistir acht a bethugad águs a coiméd innte . táinic an lenbh adubramar ar furáilemh an diabhail agus do mhúch dá dheoin an teine. adubairt Ciarán : an bfuil a fhios agaib gur mhúch an lenbh mallaighte re a nabarthar Crithid cluana an teine choisrectha do bhí againn . tiocfaidh díghaltas air ann óir do ghébaidh sé bás amáirech. ba fhíor sin . do mharbsat na meictíre arna mháirech ar an bferann amuich [é] agus do fágbadh ann é . adubairt Ciarán : ní bhiaidh teine isan eglais so go cáisc muna gcuiridh dia ann í. do chuala Ciarán cluana go bfuair an lenbh bás mar sin agus táinic go luath go Saighir agus do gabadh maille re honóir mhóir ann é. do bhí teine d'uiresbaidh ar an mainistir óir ba as an teinidh choisrectha úd do hadaigthí teine gach noidche innte agus do ghell Ciarán nach biadh teine go cáisc innte muna gcuiredh dia do neimh í ‖ tángadar an lá sin do'n bhaile aoigheda Á. Ciarán cluana agus