Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
519]
13
Betha Chiaráin tSaighre.

do chuires dá oilíthre ar son phecaidh áo shantaig sé do dhénam muna dtoirmioscadh dia agus mise é óir nír b'áil liom a chrábadh ‖ agus a shaothar do mhilledh dho . agus atá anois ag impódh iar bfaghbáil logha ina phecadhaib agus arna ghlanadh ó choir . gabsa an tiasc sin ad thimchioll go mbiaidh ar chenn mo mheic ghrádhaigse. do ghab Germán iasc mór mar adubairt Ciáran ris agus arna mhárach táinic Carthach mar adubairt Ciarán .

Aimsir eile do gabhadh Ciarán cluana mheic Nóis leisan rígh dar bh'ainm Furbaidhe agus do cuiredh i gcuibrech é . do b'é a adbar sin maithes an ríg do bhí ar choiméd Chiaráin agus tug Ciarán mórán de do bhochtaib dé ar mbeith [dho] lán do thrócaire. lá éigin táinic an n mar a raibe Ciarán agus adubairt ris tré adhbacht : da bfuighbinn cheithre bá maola cuirpdhcrga agus cinn gheala orra do léigfinn amach thu. adubairt Ciarán : ís tualang dia ris sin agus léigse mise amach dá niarraidh sin agus muna bfuighbed iad tiocfad féin arís íád bhreith. do scaoiledh do Chiarán ann sin agus táinic go Saighir mar a raibe [an] Ciarán eile agus d'innis an ní sin do agus do bhádar an tan sin i bfochair Chiaráin an dhá Bhrénainn . ba fhorbfaoiltech. leo Ciarán cluana do thecht agus adubairt rena fhedhmanach : créd do ghébaid na naoim sin anocht re caithiomh . adubairt an fedhmanach nach raibc biadh aige acht feoil. adubairt Ciarán : ullmaig go luath an ní atá agat. ar mbeith beirbhte do'n fheoil do bhcnnaig Ciarán í agus do chlaochlaig i bfiadnaise cháich i nola agus i niasc i bpraisig agus i mbiadaib égsamla do réir a thoile féin . agus táinic ó ghrásaib dé gur líonadh soithighe an tighe uile d'fíon uasal chum coda na naom adubramar. do bhí manach astig leis nár bh'áil biadh do chaithemh i bfochair na naomh .i. mac Congair agus adubairt nach caithfedh na biadha dorignedh do'n fheoil. adubairt Ciarán : caithfir feoil isan charghais agus muirbfid do námhaid thu an lá chaithfios tu í . bainfer do chenn díot is ní shcilbheochair flaithes dé . is nemchonáig tra chaithfios tu do bhetha óir cuirfir th'aibíd mhanaig díot. do fióradh imorro briathra Chiaráin óir do marbadh eisean i ngar do shaighir Chiaráin .

Is ann sin dorignedar an cethrar naom sin .i. an dhá Chiarán agus an dhá Bhrénainn cumann etorra féin agus idir a gcomh- arbaib dá néis . agus ar ngabáil ceada agus bennachtan na naom sin do Chiarán chluana d'imthig chum na slighe agus ní