Page:Seadna.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
41
SÉADNA

spreallairín fir méaracán mé cháineadh ós cómhair na gcómharsan, agus ‘gréasaidhe beag buídhe’ a thabhairt orm, agus ‘taoibhíní ruadha’ agus ‘meanuithí ramhra’ agus ‘bréan-bhróga’ a chasadh liom, agus é fhógairt ós comhair an aonaigh ná raibh pingin am’ póca? Má ’s ar a mhargadh a mhairean gach aoinne, ní h‑é margadh na leanbh is gnáth leó a dhéanamh. Agus má ’sé sin margadh gur cuireadh brígh na mionn orm-sa mar gheall air, is suarach le rádh é. ‘Béidh sé chómh teann an lá déanach agus tá sé anois’———andaigh, ní h‑iongnadh dhó san!”

Chomáin sé leis ag caint leis féin ar an gcuma san go ceann abhfad. Fé dheire do phreab sé ’na shuidhe.

“Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuille leathair abhaile liom.”

Chomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos leis go dtí go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach.

Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lígh an doruis ar an gcuma gceudna ’na raibh sé indé roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán d’á aimsir a chaitheamh mar sin ’na sheasamh sa dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag feuchaint síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus suas an bóthar, gach re dtamall.

“Airiú, a Shéadna, cad d’imthigh ort?” arsa Diarmuid.

“Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean “ach do thánag chúgat-sa led’ chuid airgid. Seo dhuit é.” Agus do shín sé púnt chuige.

“Ní raibh sé abhfad gan teacht isteach chúgat,” arsa Diarmuid, agus do thug sé feuchaint ghreannmhar ar Shéadna, fé mar bhéadh amhras aige nár bh’as an gcéird a fuair sé an t‑airgead.

Thuig Séadna an fheuchaint, agus dúbhairt sé, “Bhí sé