Page:Seadna.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
40
SÉADNA

an mhealbhóg agus an crann ubhall, agus a chuimhnigh sé ar na trí guídheanaibh breaghtha do loiteadh, tháinig seirbhthean agus canncar agus buaidhreamh aigne air, i dtreó nár fhéad sé greim mine ná ubhall do bhlaiseadh. Chaith sé é féin sa chathaoir, mar bhí an tuirse air, agus ba ghearr gur thuit a chodladh air.

Thug an fear bocht an oídhche ar an áit sin. Nuair dh’osgail sé a shúile bhí an lá díreach ag eirighe. Bhí an fuacht tar éis dul nach mór tré n‑a chroídhe. Bhí sé tamall beag ’na dhúiseacht, sul ar chuimhnigh sé ar an sparán agus ar an bhFear nDubh, agus ar iomláine eachtra an lae roimhe sin. Ní túisge choruigh sé é féin ’ná a mhothuigh sé an t‑ualach i bpóca na bheiste. Chuir sé a lámh isteach. Cad a bhéadh ann ach an sparán!

“Mhaise, an bhfeacaidh aon Chríosdaidhe riamh a leithéid sin d’obair?” ar seisean, agus tharaing sé amach é. Chuir sé a lámh i bpóca a bhríste. Bhí an dá cheud púnt ann go lom slán!

“Seadh!” ar seisean, “mura bhfuil buaidhte ag an méid sin gnótha ar a bhfeaca-sa riamh de neithibh iongantacha! Ní fhéadfadh sé bheith agam a gan fhios dom! Cuardach? Níor chuardach go dtí é! Aon nídh ach mo mhéireana a chur amach tré chúinníbh na bpócaí! Cuardach? Is mé chuarduigh iad, má cuarduigheadh pócaí riamh! Folamh? Bhíodar chómh folamh——chómh folamh agus bhíodar riamh, agus níor bheag dóibh sin. Ní fhéadfaidís bheith níos folamha. Má ’seadh, cá raibh an t‑airgead an fhaid a bhíos ag cuardach? Cár imthigh sé? Cár fhan sé an fhaid a bhí sé imthighthe? Cia thug thar n‑ais é? Cad é an brígh atá leis an obair? Siní an cheist. Siní an adhb. Cad é an tairbhe dhómh-sa sparán trom teann a bheith agam am’ póca agus dá cheud púnt airgid, agus ansan mé dhul ar an aonach agus neart a bheith do gach