Page:Seadna.djvu/276

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
272
SÉADNA

“Seachas í siúd!” arsa Séadna. “Ní cuimhin liom a leithéid. Cé r’ bh’ í féin? Cuir a h-ainim uirthi dhom. Cruinnigh do chaint. Cuir uait an fhánaidheacht.”

“An bhean a dhéin cloch de d’ chroídhe agus ceó de d’ cheann agus tulach ceardchan de t’ aigne! An bhfuil san cruinn a dhóithin duit?” arsa ’n Fear Dubh.