Page:Seadna.djvu/275

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


“Ó, go deimhin is géar-chúiseach an duine thú!” arsa ’n Fear Dubh. “Dá mbéadh oiread agat d’á fhulang agus atá agam-sa dá fhulang anso b’ fhéidir go mbainfeadh sé cuid de’n ghéar-chúis díot!”

“Tá leigheas na baintríghe agat air,” arsa Séadna.

“Cad é an leigheas é sin?” arsa ’n Fear Dubh.

“Do thoil do chur le toil Dé, moladh go deó leis!” arsa Séadna.

“Ní chuirfinn dá dtugtí réim na bhFlathas dom air!” arsa ’n Fear Dubh.

“Ó, an eadh!” arsa Séadna. “Ambasa bíodh do rogha agat féin. ‘Beatha dhuine a thoil, dá mba ag gabháil d’á thóin sa loch’, nó mheasas a rádh, ‘sa teine’. Ach inis an méid seo dhom. An amhlaidh a mheasfá a rá, suas le m’ beul, nár dhéineas olc ort le n-ar thugas de d’ chuid airgid do bhochtaibh Dé?”

“Ní mór a dhéinis,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ní fiú é trácht air seachas an t-olc a dhéinis orm le gníomh uait féin nár bhain leis an airgead i n-aon chor.”

“Ní cuimhin liom aon ghníomh a dhéineas dob’ fhearr ’ná ar dhéineas de dhéirc leis an airgead,” arsa Séadna.

“Chuireas-sa namhaid ad’ threó agus níor ghéillis di,” arsa ’n Fear Dubh.

“Namhaid!” arsa Séadna. “Ní raibh aon namhaid riamh agam ach tú féin. Ní dócha go measfá go ngéillfínn duit-se an fhaid a fhéadfainn an lámh uachtair fhághail ort.”

“Ba shuarach le rádh mise mar namhaid seachas í siúd,” arsa ’n Fear Dubh.