Page:Seadna.djvu/274

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


Cuir a ainim air. Ní dhéanfaidh caint fhánach de’n tsórd san an gnó. Dá leiginn leat-sa caint fhánach a dhéanamh ar an gcuma san ní fios cá stadfaimís, agus churfá an dubh ’na gheal orm agus an geal ’na dhubh. Siní do cheard. Caith uait an cheard san anois agus labhair cruinn. Cuir a ainim agus a shloinne ar an ngníomh uasal a choisgeas an lá thugas an cíos do’n bhaintrigh amach as do sparán.”

“Labharfad cruinn, ná bíodh eagal ort,” arsa ’n Fear Dubh. “Dá gcurtí an bhaintreach amach an lá úd chuirfeadh sí a toil le toil Dé, mar a dhéinean sí i gcómhnuidhe, an snamhaire! B’ uaisle an gníomh é sin ’ná an gníomh a dhéinis-se nuair a thugais an cíos di, rud nár luígheaduigh thú féin blúire ar domhan. An dtuigean tú an méid sin? Nó an gádh dhom labhairt níos cruinne?”

“Tá go breagh!” arsa Séadna. “Tá go h-áluinn,” ar seisean, “go h-áluinn ar fad! Is dócha,” ar seisean, “gur bh’ uaisle ’ná aon taobh acu an gníomh a bhéadh déanta ag an mbáille dá gcuireadh sé amach í.”

“Conus san?” arsa ’n Fear Dubh, agus chuir sé bior ar a dhá shúil.

“Dhe ’sdó feuch anois nach dall ataoí!” arsa Séadna. “Chuirfeadh sí a toil le toil Dé. Ach nach é an báille a chuirfeadh fhiachaibh uirthi san do dhéanamh? Nuair a curtar baintreach amach agus nuair a curtar í féin agus a páistí bochta le fuacht agus le fán, má chuirean sí a toil le toil Dé is gníomh uasal é. Ní h-uirthi féin, ámhthach, is ceart a bhuidhchas do bheith ach ar an mbáille do chuir amach í. Mura mbéadh an báille ní déanfaí an gníomh uasal. Na tuigean tú?”