Page:Seadna.djvu/277

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
273
SÉADNA
CAIBIDIOL A DÓ A’S TRÍOCHAD.

Do stad Séadna ag feuchaint air. Chimil sé a lámh d’á shúilibh agus d’ fheuch sé airís air. D’ fheuch an bheirt ins na súilibh ar a chéile ar feadh tamaill.

“Is tú an diabhal!” arsa Séadna, fé dheire.

“Ní bhainfeadh an diabhal féin an bhearna dhíot-sa!” arsa ’n Fear Dubh. “Cheapas go gcuirfeadh an t-airgead amú’ thú. Is anamh duine a gheibhean é ná déinean aimhleas dó féin agus b’ fhéidir d’ á lán eile, mar gheall air. Tagan aimhleas d’ á bhárr do’n t-é a gheibhean é agus aimhleas do’n t-é ná faghan é. An t-é gheibhean é tagtar ar an mbóthar roimis sa n-oídhche agus marbhuightear é chun an airgid a bhaint dé. Isé an t-é ná faghan an t-airgead a mharbhuighean an t-é a gheibhean é. Sin aimhleas do’n bheirt sin de bhárr an airgid. Déinean an t-airgead fiche aimhleas nach iad san. Is ’mó duine chaillean a mheabhair le baois agus le uabhar agus le mór-is-fiú, a bhéadh úmhal go maith dá mbéadh sé dealbh. Is ’mó duine a dhéinean ciorbhadh ar a shaoghal le meisgeóireacht nuair a bhíon a phócaí lán, agus go mairfeadh sé céad dá mbéidís folamh.”

“Is dóich liom go bhfuil iaracht de dhearmhad ort sa méid sin,” arsa Séadna. “An fear úd a mharbhóch’ duine chun an airgid d’ fhághail, cad ba ghádh dhó an marbhadh san do dhéanamh dá mbéadh a dhóithin airgid aige féin? Measaim-se go gcuirean pócaí folamha daoine ar a n-aimhleas chómh minic agus a chuirid na pócaí lána ar a n-aimhleas iad. Is dócha gur eól duit an sean fhocal: ‘Teasbach dearg nó fíor-riachtanas an dá nídh is fearr chun duine chur ar a aimhleas.’”

S