Page:Seadna.djvu/271

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


le trí bliaghna déag, mar dhíoluigheacht as tairbhe do chod’ airgid. Conus a thaithin leat ar dhéineas de mhaitheas le d’chuid airgid? Thugas gaoth do’n sparán, nár thugas? Ar tháinig leat-sa puínn de’n tairbhe do lot? Is eól duit Cé ar a shon gur thugas uaim do chuid airgid. Cad é do mheas ar an sgéal?”

Do sgeart an Fear Dubh ar gháirí, d’á mhéid teinneas a bhí air.

“Airiú, greadadh chúgat, a amadáin,” ar seisean, “do thaithin do ghnó go h-áluinn liom. Mise ’ghá lot! Dar fiadh níor ghádh dhom aon phioc d’á dhuagh fhághail. Ní fhéadfainn, agus mo mhíle dícheal a dhéanamh, lot a dhéanamh ar do chuid maitheasa níos fearr ’ná an lot a dhéinis féin air, a dhuine gan chiall! Do loitis féin é agus is tú b’ fhearr chuige. ‘Tairbhe’, a thugann tú ar do shaothar! Airiú, a bhrealláin, ní tairbhe a bhí agat d’á dhéanamh formhór na h-aimsire, ach toghadh díobhála. Isé mo ghnó-sa féin a bhí agat d’á dhéanamh agus ba ró mhaith chuige thú, agus, go deimhin agus go dearbhtha, is mise bhí go buídheach díot! Is fearr go mór a dhéinis mo ghnó-sa ’ná mar a fhéadfainn-se féin é dhéanamh. Dhéinis é níos deise agus níos slachtmhaire agus níos críochnuighthe ’ná mar a fhéadfadh mo dhícheal-sa é dhéanamh. Ní fhéadfainn-se, agus mo dhícheal a dhéanamh, oiread tairbhe do lot agus ’tá loitithe agat-sa, ná oiread díobhála dhéanamh agus ’tá déanta agat lem’ chuid airgid. Is minic a chuireas raint airgid go maith, agus is ’mó toirmeasg agus aimhleas agus achran agus miosgais agus fuil a tháinig as, ach ní deirim ná go bhfuil an méid airgid a thugas duit-se ar an airgead is fearr a chuireas riamh.”

Do stad Séadna, agus ní misde dhuit a rádh go raibh iongnadh air.