Page:Seadna.djvu/272

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


“Conus san anois?” ar seisean, “nó an amhlaidh a mheasfá a chur ’na luíghe orm gur droch nídh déirc?”

“Ní droch nídh déirc,” arsa ’n Fear Dubh, “ach níor dhéirc duit-se airgead nár leat do thabhairt do dhaoinibh ná raibh puínn gádh acu leis – ’ghá gcur a’d mholadh os chómhair na dúithe – ‘Ó, aililliú! Nach maith an fear Séadna! Nach seóigh a bhfuil de thairbhe aige d’á dhéanamh!’” Agus chuir sé meidhl air féin chun magaidh, d’á mhéid trioblóid agus teinneas a bhí air.

“Ní chuige sin a thugas uaim an t-airgead,” arsa Séadna.

“Cá bh’ fios dómh-sa san?” arsa ’n Fear Dubh. “Fuarais do mholadh go h-árd pé i n-Éirinn é. Agus bhí lot eile sa sgéal. Is mó go mór an díobháil ’ná an tairbhe a dhéin an t-airgead do chuid acu, dá mba ’na ghátar go cruaidh féin dóibh é. Tá cuid acu laistíos anois agam go daingean agus ní h-ann a bhéidís mura mbéadh tusa thabhairt mo chod’ airgid dóibh. Dá leigtheá dhóibh bás d’fhághail do ’n ghorta is thuas a bhéidís anois. Thugais déirc dóibh, dar leat, mar olc orm-sa. Fan go dtéidhmíd síos agus go bhfeicir iad. Ansan iseadh thuigfir tairbhe do shaothair agus cé air gur dhéinis an t-olc. Ansan iseadh chídhfir cad é an buidhchas atá acu ort. Mholadar thú nuair a thugais an t-airgead dóibh. Gheobhair a mhalairt sin de mholadh uatha nuair a raghair síos ar ball i n-aonfheacht liom-sa.”

“Measaim,” arsa Séadna, “gur mhaith é do chongnamh-sa chun a chur fhiachaibh ortha a n-aimhleas do bhaint as an airgead. Ní dhéanfadh an t-airgead díobháil dóibh mura mbéadh tusa bheith ag séideadh fútha.”

“Ba ghairid le dul mo dhícheal ortha mura mbéadh tusa do thabhairt an airgid dóibh,” arsa ’n Fear Dubh.

Do stad Séadna tamall ag feuchaint air.