Page:Seadna.djvu/270

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


“Cad d’imthigh ar fhear na méaracán?” arsa Séadna.

“Tá sé anso ceangailte agat go daingean.”

“Tusa!” arsa Séadna.

“Mise go díreach, thar a bhfeacaís riamh,” arsa ’n Fear Dubh.

“Agus cad a bhí agat d’á dhéanamh ar an aonach?” arsa Séadna.

“Bhí a lán agam ’á dhéanamh ann. Aon nídh amháin, bhíos ag faire ort-sa feuchaint an gceannóchá an capall úd. Dá gceannuightheá bhí an margadh briste agat agus greim agam ort.”

“Agus bhogfá dhíom!” arsa Séadna.

“Am briathar ná bogfainn!” arsa ’n Fear Dubh.

“Ní lúgha ’ná a bhogfadsa dhíotsa – go ceann tamaill. I gcás go bhfuil sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh agus foidhne bheith agat. Tá an lámh uachtair agam ort agus cuirfead mo thoil i bhfeidhm ort an fhaid atá an chaoi agam air. An rud a dhéanfá-sa orm-sa dá mbéadh an chaoi agat air. B’fhéidir go mbéadh truagh agam duit dá mbéadh aon mhaith dhom ann, ach ní bhéadh. Dá dtugainn-se bogadh ar do phian-sa anois dhíolfá-sa an cómhar liom ar ball le géire do chur ar mo phian-sa chómh fada agus d’fhéadfadh do dhícheal é. Tá sé chómh maith againn bheith macánta díreach i n-ár ndeighleáil le n-a chéile. Déanfad-sa mo dhícheal d’olc ort-sa anois agus déin-se do dhícheal d’olc orm-sa ar ball, nó chómh luath agus bhéidh an chaoi agat air. Is aon nídh amháin dom olc nó maith do dhéanamh ort anois, i dtaobh a mbéadh d’á bhárr agam ar ball. Pé maith a déanfaí dhuit ní bhfaghfaí uait d’á bhárr ach an t-olc. Dhéin do chuid airgid maitheas mór dómh-sa le trí bliaghna déag. Is dóich liom gur thugas raint de d’ dhlígh féin duit sa deighleáil. Ní deirim ’ná gur dhéineas mórán uilc ort