Page:Seadna.djvu/269

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
265
SÉADNA

“Foidhne, foidhne!” arsa Séadna. “Ní’l aon nídh is fearr ’ná an fhoidhne. ‘Buadhan an fhoidhne ar an gcinneamhaint.’”

“Ó!” arsa ’n Fear Dubh, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh, “buadhan an chinneamhaint seo ar ar deineadh d’fhoidhne riamh. Sáruighean an chinneamhaint seo an sean-fhocal. Leig uait mé, a Shéadna, agus ní thiocfad go dtí go mbéidh an t-am ann.”

“Seadh, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna. “Ní’l aon dithneas mar sin orm-sa. Ní beag liom a luathacht d’imtheóchair. An aimsir a chaithfir-se ansan sa chathaoir dheas shúgáin sin, ní’l sí le dul sa chómhaireamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliaghna deug ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfair-se an áit sin. Dá mba mhaith liom-sa thú a choimeád ansan choídhche ní thiocfadh deire na h-aimsire choídhche.”

“Is beag d’á mhearbhall ort,” arsa’n Fear Dubh, “dá dtoilightheá chuige sin go mbéadh an margadh briste agat láithreach agus an greim céadna agam-sa ort-sa atá agat-sa orm-sa anois.”

“Ní gádh dhom toiliughadh chuige, agus mar sin féin ní gádh dhom iomad dithnis a bheith orm ad’ leigint chun siúbhail. Dá mba agat-sa bhéadh an lámh uachtair agus neart agat ar na h-ingnibh sin d’ imirt orm bhogfá dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do tharaing sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach.

“An fada a choimeádfair anso mé?” arsa ’n Fear Dubh, agus é, ba dhóich leat, i ndeire an anama.

“Freagair-se cúpla ceist dómh-sa ar dtúis,” arsa Séadna, go breagh réidh.

“Cuir chúgam iad! Cuir chúgam iad!” arsa ’n Fear Dubh.