Jump to content

Page:Seadna.djvu/237

From Wikisource
This page has been validated.
233
SÉADNA

an trímhadh fuaim sin geit as a raibh láithreach. Thabharfaidís an leabhar gur ghlór duine é!

Ansan do ghluais mar bheadh caise ceóil, de’n cheól ba mhísle agus ba bhinne, ba chaoíne agus ba chneasda d’ár airigh aoinne den mhuíntir a bhí láithreach riamh roimhe sin, agus do mheasg sé ar an ngnúsachtach agus ar an nglór daona agus ar an sórd gaoithe do samhluigheadh bheith leó, agus do ghluais an measgadh mór-thímpal an tíghe i bhfuirm sídhe gaoithe. Bhí ag neartughadh ar an nglór agus ar an bhfuaim, agus ag géarughadh ar an measgadh agus ar an gcasadh tímpal, go dtí gur cheap na daoine go raibh an tsídhe gaoithe ag rinnce ar fuid an tíghe. Bhíodh sí anso agus bhíodh sí ansúd. Do léimeadh sí anonn agus do léimeadh sí anall. Do luigheadh sí síos agus do ritheadh sí fan an úrláir mór-thímpal, dar leó. Ansan, le léim d’á dtugadh an ceól, do sgeinneadh sí anáirde imeasg na mbataí snaidhm agus do sguabadh sí mór-thímpal thuas, i dtreó gur dhóich leis na daoine go n-airighdís sgiathána na n-eun inti. Ansan do mheasadh na daoine go n-airighdís, tríd an gceól, mar bhéadh osnaidheal ghoil. Ar ball is i n-a thrithíbh gáirí a bhíodh sé. Ansan d’airigheadar go gléineach ag labhairt tríd an gceól mar bhéadh glór leinbh. Ba ghearr go raibh glór eile leinbh ’ghá fhreagairt sin, an dá ghlór ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil. Ansan do labhair an trímhadh glór, mar bhéadh glór mná óige, agus nár airigh aoinne d’á raibh láithreach aon ghlór daona riamh chómh binn, chómh h-áluinn, chómh h-aoibhinn leis. Ba ghearr gur fhreagair glór eile mná an glór san, agus má ba bhinn é an chéad ghlór, ba bhinne agus ba mhísle ’ná san an tarna glór, agus iad ag freagairt a chéile agus ag freagairt an cheóil go cruinn agus go blasta. Ansan, fé mar a