Page:Seadna.djvu/238

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
234
SÉADNA

h-osgalóchaí dorus éigin, tháinig borradh agus árdughadh agus neart sa cheól go léir. Do ghéaruigh ar an ngluaiseacht agus do neartuigh ar an bhfuinneamh agus tháinig tuille aoibhnis ins na guthanaibh. Iad ag eirighe os cionn a chéile agus ag tuitim fé bhun a chéile. Iad ag casadh mór-thímpal ar a chéile. Iad anuas ar an úrlár. Iad anáirde ar na frathachaibh. Iad sa chúinne seo, sa chúinne sin, sa chúinne úd. Go dtí go raibh sgáth ag teacht ar daoinibh, agus iad ag strac-fheuchaint thar a nguailnibh feuchaint ar labhair aoinne.

Ansan do neartuigh airís ar an gceól, fé mar a h-osgalóchaí dorus eile ba mhó ’ná an chéad dorus. D’eirigh borradh agus neart agus fuaimint ceóil. É ag iompáil agus ag casadh agus ’ghá iomlosg féin ar an úrlár, agus fan na bhfallaí, agus fan bhuaic an tíghe thuas. É tamall ’na bhúirtheach agus tamall ’na liúireach. É tamall i n-a árd-ghol agus tamall i n-a ochlán bróin, gur dhóich leat go mbainfeadh sé osna ó’n gcloich. É tamall eile ’na sgeartaireacht gháirí agus suilt agus mórdhála agus mórtaise, gur dhóich leat go dtógfadh sé na mairbh as an úir. Glórtha na mban agus glórtha na leanbh ag labhairt agus ag freagairt go soiléir, tríd an mbúirtheach ba throime, tríd an ngol ba bhrónaíghe, tríd na gáirí ba shultmhaire, agus ansan do h-airightí anois agus airís, tríd an éirleach go léir, liach fhada chaol, choímhtheach, mhillteach a chuireadh fionachrith ar a raibh láithreach.

Ansan do h-airigheadh, ag gluaiseacht i n-aonfheacht, mar bhéadh fuaim faraige, an bhúirtheach agus an liúireach agus an liacharnach, an gol agus an gháirí, glórtha na leanbh agus glórtha na mban. Iad fillte ar a chéile agus casta ar a chéile agus brúithte ar a chéile. Iad fé bhun a chéile agus os cionn a chéile agus istigh i n-a