Jump to content

Page:Seadna.djvu/236

From Wikisource
This page has been validated.
232
SÉADNA

an ceo de chroidhe dhuine éisteacht le sgol maith amhráin uatha.

Bhí duine des na píobairí go raibh ceól sídhe aige. Sheinneadh sé an ceól sídhe ar an bpíb go minic, uaidh féin. Ba ró dheacair, ámhthach, a chur fhiachaibh air é sheinnt nuair iartí air é. Deireadh sé nár cheart é sheinnt i láthair daoine mar gur cheól ró aerach é.

Nuair a bhíodar go léir cortha, tnáithte, buailte amach, traochta, ó’n rinnce d’iaradar ar an bpíobaire an ceól sídhe do sheinnt dóibh. Dhiúltuigh sé ar feadh abhfad. Dúbhairt sé go raibh an ceól ró aerach agus nár cheart é sheinnt i gcuideachtain. Thugadar deoch eile d’fhíon an rígh dhó agus bhíodar ag tathant air choídhche go dtí go mb’ éigean dó géilleadh. Ghleus sé an phíb. Theann sé an mála. D’éist an chuideachta fé mar bhéidís gan anam gan anál.

Ba ghearr gur h-airigheadh mar bhéadh gnúsachtach bhreagh bhog réidh ag gluaiseacht mór-thímpal an tíghe lasmuich. Ansan shamhluigheadh na daoine mar bheadh gaoth ag séideadh leis an ngluaiseacht, agus gur bh’ í an ghaoth a bhí ag déanamh na gnúsachtaighe agus nár bh’ í an phíb. Ansan do ghluais ceól aoibhinn tríd an ngnúsachtach agus tháinig idir cheól agus gnúsachtach isteach sa tigh. Do neartuigh ar an ngnúsachtach agus tháinig mar bhéadh creathán agus luasgadh sa bhfuaim. Ba ghearr gur h-airigheadh an tarna fuaim agus é ag crith agus ag luasgadh ar an gcuma gcéadna, agus an ceól aiteasach aoibhinn tríd, agus gan é féin agus an ceól agus an fuaim eile ag baint ó chéile, ach iad ag cabhrughadh le chéile, i dtreó gur bh’fhearr de an ceól an fuaim agus gur mhísle de an fuaim an ceól. Ar ball do labhair an trímhadh fuaim agus é ag crith agus ag luasgadh agus ceól aoibhinn tríd, a bhain leis féin. Bhain