Ní raibh aon tseó ach a raibh de cheól agus de rinnce i gcistin Dhiarmuda an oídhche sin. Bhí beirt phíobairí ann agus beirt bheidhlidóirí agus fear cláirsighe, i dtreó ná raibh aon stop leis an gceól. Nuair a stadadh píobaire bhíodh an píobaire eile ar siúbhal, agus nuair a stadadh bheidhlidóir bhíodh an bheidhlidóir eile ar siúbhal, agus ba mhinicíghe bhíodh an cúigear ar siúbhal i n-aonfheacht ’ná mar a bhíodh aoinne acu ’na stad—i dtusach na h-oidhche pé ’r domhan é.
Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól. Geallaim dhuit go raibh allus ar Nóra an Tóchair agus ar a beirt driothár, agus gur chuireadar-san allus ba mhó ’ná é ar thuille d’á raibh ann.
Nuair a bhídís cortha ó bheith ag rinnce bhíodh an deoch ag Micil dóibh, ach ní leigeadh sé air go mbíodh sé ag faire ortha chun an díghe a thabhairt dóibh. Ní óladh na rinnceóirí puínn de’n fhíon. Bhí a fhios acu dá n-ólaidís puínn dé go raghadh sé ní h-amháin sa cheann acu, ach ins na cosaibh leis, agus dá dtéidheadh an fíon ins na cosaibh go raibh deire leis an rinnce.
Shuígheadh an chuideachta tamall, anois agus airís, idir dhá ghreas rinnce, agus gheibhtí amhrán breagh bríoghmhar ceólmhar ó dhuine éigin acu. Bhí cuid acu go raibh uchtach agus guth cinn acu ar áilneacht agus go dtógfadh sé