Page:Seadna.djvu/234

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
230
SÉADNA

“Comáin leat anois, a mhic ó,” ar sise, “agus feuch i ndiaigh na ndaoine, agus ná déintear faillígh i n-aoinne, agus ná bíodh tart ná ocras ar aoinne i gcaitheamh na h-oídhche. Béid siad go léir ag rinnce láithreach agus cuirfidh an rinnce tart ortha. Feuch ’na ndiaigh, a Mhicil, agus bíodh an deoch agus an biadh acu sul a mbéidh uain acu ar iad d’iaraidh.”

“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean.