chloch, bhí sí as a meabhair nach mór le h-aiteas agus le mórtais agus le mórdháil.
“Ó! a Dhaid,” ar sise, “feuch air sin!”
“Chím é, a ghamhain ó,” arsa Diarmuid. “Dá mbéinn ad’ chás,” ar seisean, “ní h-é gach aoinne go dtaisbeáinfinn an fáinne sin dó. Tá daoine sa tsaoghal, a Shadhbh, a ’nghean ó, agus níor bh’fhiú leó biorán agus anam duine seachas greim a fhághail ar a leithéid sin. Chuirfinn fé ghlas é dá mbéinn ad’ chás.”
“Ní deirim ná go ndéanfad rud ort, a Dhaid,” ar sise. “Tá fáinní mo dhóithin agam d’á éaghmuis.” Agus dhéin sí rud air. Chuir sí isteach airís é sa bhosca bheag i n-a raibh sé, agus dhún sí an bosca go daingean mar a bhí sé cheana, agus chuir sí fé ghlas é. Bhí fáinní a dóithin aici d’á éaghmuis.
Bhí an tráthnóna ag teacht. Na daoine a fuair cuireadh chun na cóisreach bhíodar ag teacht leis. Tháinig Seághan Ceatach agus a inghean. Tháinig Báb an Leasa agus a muíntir. Tháinig Nóra an Tóchair agus a beirt driothár, an bheirt rinnceóirí dob’ fhearr a bhí sa dúthaigh. B’ í Nóra féin an rinnceóir mná dob’ fhearr a bhí ann. Tháinig fear an bhramaigh, agus nuair fhiafruigh duine éigin dé cá raibh an chuid eile d’á chuid féasóige: “Do stath sí féasóg dob’ fhearr ’ná mo chuid féasóige-se,” ar seisean, “agus is maith an bhail ar bheirt againn gur dhéin. Mura mbéadh gur dhéin bhéadh an sgéal go ain deis againn. Bhéinn-se gan mo bhramach agus bhéidhfeá sa gan do chuid airgid. Is mó an t-airgead a fuarais mar gheall ar an bhféasóig a stath Sadhbh ’ná mar a gheabhthá ar do chapall dá mbéadh sé anois agat.”
“Ach, ní mó,” arsa ’n fear eile. “Ní raibh aon chapall ar an aonach an lá úd dob’ fhearr ’ná é.”
“Déarfainn go mbéadh an ceart ansan agat dá n-