airighinn na ceannuightheoirí ’ghá rádh. Ach pé sgéul é ba bheag an mhaith dhuit-se a fheabhas mura mbéadh an gníomh a dhéin Sadhbh.”
“Abair é,” arsa ’n fear eile.
Tháinig an tíncéir mór ann, agus isé a bhí go grianach agus go gealgháiriteach, go séimh agus go súil-aibigh, go h-ollamh agus go deisbhéalach agus go deagh-labhartha. Níor bhaoghal do’n chuideachtain tocht ná dochma do theacht ar an gcómhrádh agus é láithreach. Ní bhíodh sé choídhche gan rud éigin le rádh aige do spriocfadh suas daoine agus do bhainfeadh gáirí amach, agus do chuirfeadh daoine ag caint, gan aon choinne acu ná gur bh’ iad féin a chuimhnigh ar an gcaint. Ach nuair a fuair sé cúpla deoch maith d’fhíon Spáinneach an rígh ní raibh aon teóra leis. Rud dob’ fhearr ’ná a raibh de dheagh-thréithibh eile ar fad ann, níor bh’ fhéidir fearg do chur air. Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile, bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha.
Bhí Séadna ann agus é go ciúin agus go fadanálach, mar ba ghnáth leis. A bhéal dúnta agus a dhá shúil ar dian-leathadh. É ag feuchaint uaidh agus gur dhóich leat gur b’ amhlaidh a bhíodh radharc aige ar an saoghal eile. ’Na shuíghe thuas i dteannta an tsagairt agus Sheághain Cheataigh a chaith sé an chuid ba mhó de’n oídhche. Ní labhradh sé puínn uaidh féin, ach nuair a curtí caint air ní baoghal go leigeadh sé a cheart féin le h-aoinne.
Am briathar go raibh Micil ann, agus máthair Mhicil.
Cáit.— Ní raibh! Agus é tar éis “cairiún” a thabhairt ar Shadhbh!
Gobnait.— Seachain, a Cháit. Níor thug sé cairiún uirthi. Is amhlaidh a bhí cathughadh air nár thug.
Cáit.— Thug sé ainim ba mheasa ’ná é uirthi. Thug sé