Do ceapadh an t-am. Sul a raibh muíntir an rígh imthighthe as an áit do h-innseadh dóibh go raibh an lá ceapaithe agus cad é an lá é. Nuair a chuadar abhaile d’ innseadar do’n rígh é. Chomáin an rígh teachtaire ar siúbhal láithreach le bronntanas fíona do’n chóisire agus le fáinne do Shadhbh. Dhéin an teachtaire dithineas mhaith. Tháinig sé díreach maidion lae an phósta, agus é tar éis na seachtmhaine thabhairt ar an mbóthar, idir lá agus oídhche nach mór. Bhí capall agus trucail aige agus bhí a dhóithin d’ ualach ar an gcapall. Bhí ciseán sa trucail aige, ciseán breagh mór a bhí déanta de shlataibh loma geala, agus é lán go bara de bhuidéalaibh fíona. Bhí, is dócha, céad dosaon buidéal ann. Mura raibh sé os a chionn ní raibh sé fé n-a bhun. Agus bhí a ndóithin tuíghe stupaithe tímpal na mbuidéal san sul a mbrisfí ad. Níor briseadh aon bhuidéal díobh, agus níor osgail an teachtaire aon bhuidéal díobh. Níor osgail go deimhin. Níor ghádh dhó é. Bhí a dhóithin mór bídh agus díghe aige d’á n-éaghmuis. I n-éaghmuis an chiseáin agus na mbuidéal bhí bairille mór fíona sa trucail aige. Ní raibh níos lúgha ’ná sé fichid galún fíona sa bhairille sin. Geallaim dhuit go raibh a dhóithin d’ualach ar an gcapall.
Bhí fáinne óir ag an dteachtaire do Shadhbh, fáinne a thug an rígh féin uaidh le tabhairt di, fáinne a pósta. Bhí cloch uasal sa bhfáinne sin a bhí chómh mór le súil giorfhiadh, ba dhóich leat, agus dhéanfadh an chloch san solus duit sa doircheacht mar a dhéanfadh teine ghealáin. Nuair a chonaic Sadhbh an fáinne sin, agus an