Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/152

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
136
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

ṁeaḃair aige, nuair ṫáinic Peadar amaċ as an siopa tobac.

Ḃí rian-ċárr ag gaḃáil ṫart. Isteaċ le Peadar ann. I n-áirde air ċuaiḋ mo ḋuine; aċt nuair ṫuirling Peadar ag an droiċead, ṫuirling mo ḋuine freisin. Siar bealaċ na gCéiḃ ṫug Peadar aġaiḋ. Isteaċ leis i n-oifig clódóra. D’ḟan mo ḋuine taoḃ ṫall de’n Ċéiḃ—ag féaċaint a ḃfeicfeaḋ sé bradán i n-aḃainn na Life b’ḟéidir! Ċaiṫ sé ḋá uair annsin, aċt má ċaiṫ níor ṫáinic Peadar amaċ as an oifig....

D’imṫiġ mo ḋuine gan é, ar ṫeaċt na hoiḋċe. I n-áit iargcúlṫa, ḃain sé leaḃar as a ṗóca agus ṫosaiġ ag sgríoḃaḋ ann. Níor innis sé aċt an ġlanḟírinne nuair aduḃairt sé le bé an tsiopa seandaċta go raiḃ posta aige faoi’n riaġaltas, aċt má ċeap luċt an riaġaltais ná an bleaċtaire go raiḃ ḟios aca céard a rinne Peadar an lá sin is mór an dul-amuḋa bí orra.

An tráṫnóna sin ḃí bé an tsiopa seandaċta ag an ḃfuinneóig agus cuṁa uirri. Ní ḟaca sí an fear óg ṫall ar feaḋ trí lá; céard a ḃí air nár ṫáinic sé? Ḃí baraṁail nó smaoineaḋ aici go raiḃ obair ċon- taḃairteaċ éigin ar siuḃal aige, aċt ní raiḃ ḟios aici fá’n mbiṫ céard é. Dá ḃféadfaḋ sí cuidiuġaḋ leis ar aon dóiġ!

Ḃí seansgaróid buird aici ar a glúnaiḃ agus í ar a díṫċeall ag iarraiḋ an gréas-obair ḃí air a leasuġaḋ, aċt is minic agus is ró-ṁinic a ṫuiteaḋ an t-éadaċ uaiṫi ar an úrlár ḃí a smaointe ċoṁ