Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/151

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
135
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

ḃfios cé’n díoġḃáil a ġníṫeaḋ béal caorḋearg bíoḋgaṁail dá ṡórt mara a bpósfaḋ fear maiṫ éigin an ḃean ar léiṫi é gan moill! Póg a ṫaḃairt di ar an mbéal sin....

Ġeit mo ḋuine. N-a ṡeasaṁ ag an gcoirnéal annsin idir Sráid Uí Ċonaill agus Sráid an Iarla ḃí sé. Ċuaiḋ Peadar Ó Doṁnaill ṫart. Is beag naċ ndeaċa sé ṫart i nganḟios do mo ḋuine ḃí sé ag smaoineaḋ ċoṁ doiṁin sin ar ḃé an tsiopa seandaċta. Ní ḋeanfaḋ sé sin cúis agus é ar a lorg....

Aċt má ḃí sé ar a lorg féin níor laḃair sé leis. Suas Sráid Uí Ċonaill ċuaiḋ Peadar. Lean mo ḋuine é. Nuair a ṡeasaḋ Peadar le cainnt a ḋéanaṁ le duine dá luċt aiṫne, ṡeasaḋ mo ḋuine. Aċt d’ḟanaḋ sé tamall beag ar a gcúl. Ag féaċaint ar na spéirṫiḃ ḃíoḋ sé ṡílṫeá, nó ar na tiġṫe ṫall uaiḋ, nó ar ḃrógaiḃ na ndaoine ḃí ag gaḃáil ṫart—aċt ḃíoḋ diorball na súile aige ar Ṗeadar i gcoṁnaiḋe. Nuair a ġluaiseaḋ seisean, leanaḋ mo ḋuine é; nuair a ṡeasaḋ sé, ċeapṫá ar mo ḋuine naċ raiḃ aon rud ar an saoġal seo ċoṁ hiongantaċ leis na tiġṫe i Sráid Uaċtaraċ Uí Ċonaill!

Ċuaiḋ Peadar isteaċ i siopa tobac ag ceann na sráide. D’ḟan sé leaṫuair ann. Ḃí báisteaċ ṁór ann an lá céadna, aċt má ḃí féin níor imṫiġ mo ḋuine. Ċuir sé sgáṫ-fearṫainne i n-áirde, agus d’ḟan go foiġdeaċ ag bun Ċoluṁan Ṗarnell. Ḃí an sgríoḃnóireaċt atá ar an gColuṁain sin léiġte aige seaċt n-uaire, agus an ċéad ċuid ḋe de