Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
137
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

mór sin ar fuaidreaṁ. Ċuireaḋ sí súil léiṫi leis an bpoll ḃí aici ar an mbrat glas, aċt ní ḃíoḋ le feiceál aici aċt an tseansráid ḃrónaċ ḟeósaiḋe agus an ḃáisteaċ ṁór ag teaċt anuas. Ḃí gráin aici ar an áit, ar na seantiġṫe gránda ḃí ṫall uaiṫi, ar na daoine straoilleaċa marḃánta ḃíoḋ ag dul isteaċ is amaċ ionnta, ar an seandaċt ḃí timċeall uirri, ar a saoġal iomlán. Urḃláṫ beó mar í sáiṫte isteaċ i lár doṁain ḃig ṁairḃ!

Ḃí fear céirde léiṫi ag obair istiġ i seómra ar ċúl an tsiopa. Ḃí an lá ċoṁ dorċa sin is go mb’éigin dó solus ḃeiṫ aige istiġ n-a ṗluais; ċuir an ceól béil ḃí aige múisiam uirri. Cé’n ceart ḃí aige ḃeiṫ ċoṁ meiḋreaċ sin? D’eiriġ sí n-a seasaṁ cúpla uair le cosg a ċur le n-a ċuid ceóil, aċt níor ċuir. Ḃí croiḋe éadtrom aéraċ aige—tuige a’ gcuirfeaḋ sí isteaċ air?

Sé lá de’n tseaċtṁain ó’n naoi a ċlog ar maidin go dtí an sé tráṫnóna a ċaiṫeaṁ sa ṗluais sin agus taisí na seanaimsire n-a timċeall! Ḃainfeaḋ sé an croiḋe as ógṁnaoi ar biṫ. Ṫáinic creaṫaḋ uirri. An raiḃ sé i ndán di a saoġal ar fad a ċur di ar a leiṫéid de ċaoi? Ḃí seansgaṫán ar a cúl. D’ḟéaċ sí isteaċ ann. D’ḟan sí tamall deas ag féaċaint isteaċ ann. Ḋeisiġ sí a cuid gruaige. Ṫáinic meangaḋ beag ar a béal, aċt ní ó’n gcroiḋe é, aċt go nduḃraḋ léiṫi uair go mba cosaṁail le maide gréine lá sneaċta an meangaḋ sin. Ṫaiṫniġ an rud ċonnaic sí sa sgaṫán léiṫi. Rinne sí gáiriḋ go raiḃ sí ċom péacaċ sin. Ċonnaic sí an mannt nuair d’osgail sí a béal. Ṫáinic cantal beag uirri....