Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/148

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
132
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

é, agus a éadan uasal smaointeaċ faoi néaltaiḃ, ṫarraingneaḋ sí an brat glas ar leaṫtaoḃ, agus d’ḟanaḋ ag féaċaint amaċ go mbíoḋ ḟios aici go raiḃ seisean ag dearcaḋ uirri. Annsin, ḃeannuiġ- eaḋ sí do’n ḟear óg imniḋeaċ le meangaḋ aoiḃinn agus le uṁluġaḋ cinn. Agus nuair a ṫiocaḋ meangaḋ ar a ḃéal siúd ġá freagairt, ḃíoḋ aoiḃ- neas uirri: naċ raiḃ sí ag cuidiuġaḋ leis i pé ar biṫ obair ḃí ġá ḋéanaṁ aige?

Ḃí. Dá mbéaḋ Peadar Ó Doṁnaill féin againn indiu, d’adṁóċaḋ sé ḋuit gur mór an congnaṁ fuair sé n-a ṡaoṫar contaḃairteaċ imniḋeaċ ó ḃé an tsiopa seandaċta....

Tar éis na Nodlag, ṫug bé an tsiopa seandaċta faoi deara go mbíoḋ an fear óg n-a ṡeómra gaċ tráṫnóna beagnaċ. Ṫosuiġ daoine ag teaċt ar cuairt aige. Fir óga a ḃfurṁór, agus d’ḟeiceaḋ sí Peadar agus iad féin ag cainnt go dílis dúṫraċtaċ. Ḃí sé soiléir ag an t-é a raiḃ súile géara aige go raiḃ uraim ṁór aca uilig ḋó. Faoi’n am seo freisin ṫug sí faoi deara naċ í féin aṁáin ḃíoḋ ag faire ar an seómra ṫall, agus ar luċt a áitiġṫe. Fir, fir óga eile agus cultaċa nuaḋa ar a ḃfurṁór, agus d’ḟéaċaidís go géar ar gaċ uile ḋuine ċuaiḋ isteaċ is amaċ ann. Leanaidís cuid díḃ nuair ḟágaidís an teaċ ṫall. Ċuir an obair seo iongnaḋ ar ḃé an tsiopa seandaċta. Céard ḃí ar siuḃal ag an ḃfear óg sin n-ar ċuir sí an iomarca rpéise?

Ḃuail óigḟear árd donn plucaċ isteaċ ċuici lá.