Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/147

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
131
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

óige ag baint leis ṫug ar an mbantraċ spéis ró-ṁór a ċur ann. Ċur bé an tsiopa seandaċta an-spéis ann; ní raiḃ sé i ḃfad san áit gur ṫug sí faoi deara go mbíoḋ sí ag smaoineaḋ air níos minice ná ba ċóir, agus go mbíoḋ cantal uirri an lá naċ ḃfeicfeaḋ sí ag an ḃfuinneóig é. Ṁoṫuiġ sí luisne n-a gnúis lá dá ḃfaca sí ag an ḃfuinneóig é agus gan súil aici leis; an oiḋċe sin ġeárr sí poll beag san mbrat glas le sciosúr ionnós go ḃféadfaḋ sí é ḟeiceál i nganḟios....

Aċt cé’n gnó ḃí aige ann? Cé’n sórt duine ḃí ann? Níor ḟéad sí a aoirde ná a ṫoirt a ṁeas mar ní ḟaca sí ariaṁ ar an tsráid é. D’ḟeiceaḋ sí ag an ḃfuinneóig é go minic meaḋon lae, tráṫ is gnáṫaċ le daoine ḃeiṫ ag obair; corr-uair ḃíoḋ sé ann nuair d’osgluiġeaḋ sí an siopa ar maidin; nuair a ṫuitfeaḋ an oiḋċe ṫarrnuiġeaḋ sé anuas braṫ na fuinneóige i gcoṁnaiḋe, aċt ḃíoḋ a ḟios aici ó’n solus istiġ go raiḃ sé n-a ṡeómra. Nuair ḃí na laeṫe fada saṁraiḋ ann, d’ḟeiceaḋ sí go hanṁinic ag an ḃfuinneóig tráṫnóna é; ḃíoḋ aiṫṁéala uirri nuair ṫosuiġ na laeṫe ag dul i ngiorraċt—ní ḃíoḋ sé le feiceál aici ó ṫuitim na hoiḋċe....

Ṫáinic deireaḋ fóġṁair agus tús an ġeiṁriḋ. Ḃíoḋ obair ṁór ar Ṗeadar, obair ċontaḃairteaċ imniḋeaċ, agus gan fail aige aon aċar a ċaiṫeaṁ n-a “ṗluaisín ṡoġa” mar ṫug sé ar an seómra lom i Sráid na Life. Is minic a ċaiṫ bé an tsiopa seandaċta seaċtṁain gan súil ḟágail air. Agus nuair d’ḟeiceaḋ sí é is iondúil cosaṁlaċt imniḋeaċ ḃeiṫ air. Aċt nuair d’ḟeiceaḋ sí ag an ḃfuinneóig