Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/149

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
133
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

Ḃí sé gléasta go maiṫ, go ro-ṁaiṫ b’ḟéidir, agus cosaṁlaċt an tsaiḋḃris air. Ḃí gaċ uile ṡórt ḃí air ar an ḃfaisiún b’úire. Ó ḃairéad anuas, deirṫeá naċ raiḃ snáṫa air a caiṫeaḋ ariaṁ roiṁe.

Ṫosuiġ sé ag cuartuġaḋ imeasg na seaniarsmaí ṫall is i ḃfus. Ḃí carn mór leaḃar i gcúinne. Ḃeireaḋ sé ar ċeann díḃ. Léiġeaḋ cuid de. D’ḟágaḋ ar leaṫtaoḃ é. Ċuireaḋ sé goṫa air féin go raiḃ spéis ṁór aige ionnta. Aċt maraċ go mbíoḋ bé an tsiopa seandaċta ċoṁ gnóṫaċ sin ag faire ar an ḃfear óg sa seómra ṫall, ḃéaḋ ḟios aici naċ ar na leaḃraiḃ is mó ḃí a aire aċt ar an seómra ṫall freisin. Ṫuigfeaḋ sí, dá mbéaḋ an gustal ceart innti, go ḃféadfaiḋe gaċ uile ċor a ċuirfead fear ḋe sa seómra ṫall ḟeiceál ó ċarnán na leaḃar, agus naċ ḃfeicfiḋe an t-é ḃéaḋ ag déanaṁ na faire. Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ bruinneall a ṫug gean d’ḟear nár laḃair sí leis ariaṁ sunndas a ṫaḃairt do rudaiḃ de’n tsórt sin?

Ṫáinic fear an ḟeistis nuaiḋ isteaċ ċuici go mion minic. I dtosaċ, ní ṫagaḋ sé aċt nuair a ḃíoḋ daoine sa seómra ṫall, aċt leis an aimsir ṫosaiġ sé ag teaċt go dtí an siopa tráṫ naċ mbíoḋ Peadar Ó Doṁnaill ná a ċáirde le feiceál ṫall feaḋ mórán laeṫe. Gaċ uile uair ġaḃaḋ sé an tsráid ḃualaḋ sé isteaċ. Ċaiṫeaḋ sé leaṫuair b’ḟéidir ag coṁráḋ le bé na seandaċta. Laḃraḋ sé faoi na coṁarsain —is beag eólas ḃí ag an mbé orra; ṫráċt sé ar an teaċ ṫall, agus a mbíoḋ ag teaċt agus ag imṫeaċt ann, aċt ní mórán eólais fuair sé uaiṫi fúṫa, ná faoi’n rún ḃí istiġ n-a croiḋe féin....