Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

LXXXV.

Dubhairt soitheach a dó: "Dar ndóigh badh leanbh le ráig A bhrisfeadh an próca ar n-ól dá lathairt a sháith; 'S an t-eóluidhe a cheap lena láimh an soitheach n-a chlódh I racht buile fé dheóidh ní dóigh go leagfaidh é ar lár."

LXXXVI.

Do stadadh go ciúin go ndubhairt, d'éis tamaill de shos, Eascair sa chúil is gnúis nár dhathamhail air: Is cúis chun magaidh is suilt a aindeise atú — Acht glac an té chúm me an i bpúdhair a laguigh le crith?"

LXXXVII.

D'éirigh clódh dhen chóip ba ghlionndraighe gob, Fraoch n-a ghlór, is dreóilchrut súifíoch air: "Ca heól dúinn cúrsaí pota ó aon chriadóir — Agus cia is criadóir 's is próca, a rún chroidhe, annso?"

LXXXIII.

"Ariú," arsa ceann eile, "tá fuireann is innsid dréacht Ar ughdar a leogfaidh chun ifrinn claoidhte i bpéin Na soithigh gur fríth aon bhéim n-a gclúid sin istigh, Acht is prionnsa dfhear shoilbh é, 's ná cuirimís suim sa scéal."

LXXXIX.

Arsa soitheach: "Bíodh tréad le céird 's le ceannach ag cloaidhe, Acht do thriomuigh mo chrése i réim an dearmaid shír; Acht féach, le seanadhigh líontar ciumhsa mo chléibh

Is tiocfad ón dtaom i scéimh na maise n-a mbínn."

25