Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

LXXX.

A Rí na bhflaitheas, ó leagais go dlúth im ród Slímdhuil ghreamaithe is gaisteanna rúin i gcóir, Den olc roimh sé ná cóirigh líon dom shlad, 'S a mhaoidheamh dá bharra gur peacadh ba thrúig lem breódh.

LXXXI.

A Dhia do chruthuigh an duine dhen chré seo is lugha, Agus piast an donuis ar innealaibh Éden dfhúig, Chun an duine sin léig párdún, 's a bhriathar toigh I ndiaidh na gcortha thug dorcha an spéir n-a ghnúis.

LXXXII.

Le folach na neóll um nóin dam analá ar fhaid Mar d'imthigh an gósta crón an Ramazán as, Sa chró n-a maireadh fá rath O Rudaighe criadóir Do chonnaic mé seódh de chlódhanna ar leathandáil bheacht.

LXXXIII.

Bhí gach uile shórd ar chlódhanna, an t-árd 's an beag, Feadh 'n fhalla ann i gcóir is slógh ar an lár go tiugh; Glór ag árthaighe aca; agus aicme eile fós Murar bhalbh a mbeóil, gur leó gur sháimhe an tost.

LXXXIV.

Dubhairt eascair dhen tréad: "Ní fhéadfadh aigne a mheas Gur scaradh mo chrése ón chré seo an tailimh amach 'S mo ghné do dhealbhadh glan, go dtreascarthaí mé

'S me chartadh dhá éis don chré go haindeis thar n-ais."

24