Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

XC.

Sa scilge scléipe is plé n-a measc ann a thárla Do chonnacthas an rae ba léir a theastuigh ón dtáin sin; Le chéile chraitheadar lámha: "Ariú, an gcloisir, a laogh! Sin uilleanna an daonnuidhe féin ag cnagadh sa rás do!"

XCI.

Nuair dhruidfead le héag faghaim gléasta fleadhfhíon suilt, 'S a thonach dá éis ann léig dom chleasuidhe chuirp; Déintar m'aibíd tiugh de dhuille an fhín fhéil, Is cuirtar fí'n gcré me ar thaobh an gharraidhe amuigh.

XCII.

Mar a dtiocfaidh ón gcúil 'nar súghadh i leabaidh me im luighe Boltanas cumhra srúille fairsinge fín, Le súil go mblaisfeadh gach naoi de dhrongaibh na subhach An bolaith maith úd 's é ag siubhal go neamhchuiseach roimhe.

XCIII.

Tá dfhaid agem thnúth le múscailt íodhal abhfus Go ndeachaidh amudha creideamhaint an tsaoighil orum, Mo chlú gur dhíolas leis ar chnagaire 'en lionn, Is m'anam dá chionn ar fhonn na laoidhe seo 'em chuid.

XCIV.

Um atharrach bhéas is tréan a thugainn mo mhóid — Má ba mheasta me i gcéill nó saor ó iomroll an óil; Acht do ghléasadh buige na rós 's an earraigh ar réim,

Is m'aithreachas caol do réabadh orm go dreóil.

26