Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

LX.


An Mahmúd maoidhte, a tighearna taithiceach tréan,
Ar tháin na duibheachta, a bhíonn go cealgach claon
Ar tí an anma i bplé—idir scáth is scíos—
Gur breágh do—ní le claidheamh a leagadh i n-agha'n lae.

LXI.


Má's lathartach neámhdha atá agam faram, cia scéith
An masla air go dána, 'á rádh gur seanadhol é?
Má tá n-a bheannacht nár chéim é a chaitheamh go
bráth?
'S n-a mhallacht má tá, in' áit cia dhearbhchuir é?

LXII.


Balsam an tsaoghail is éigin diúltadh dho!
Ar eagal, am éigin, éileamh cunntais ionn;
Nó, d'aonbhreib súil le digh is beanuighthe réim
San eascair a théacht fén gcré dhon lionnsca chuirp!

LXIII.


Bhur n-ifreann áir 's bhur n-árus séin dar ndóigh!
Do cinneadh le tábhacht gur trághadh dhon tsaoghal so
is nós;
Is ráfla bréag gach sceól, acht focal amháin;
Ar oscailt don bhláth dhon bhás a théigheann go deó.

LXIV.


Nach seóidh le suidheamh na mílte milliún ar fad
Róinne slighe na duibheachta do sciúird amach,
Gan saoi aca theacht chughainn thar n-ais dár seóladh
cruinn,
Acht eólus roimhe do dhírigh sa tsiubhal gach neach.

20