Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

LXV.

An tairngreacht dfhág lucht crábhaidh 's gasra an léighinn, Tamall n-a bhfáidhe ráinig 's chaitheadh a bhféith, Níl ann acht camadam scéal a reacaidís tráth D'éis aislinge dfhagháil 's n-a dheáidh sin casadh ar a néall.

LXVI.

M'anam na n-ae sa spéir dhofheisciona seal Do riadeas ag éileamh réad den bhith seo le teacht; Is tar éis gur filleadh thar n-ais dom anam le scéal, Do fhreagair go tréan; "Me fhéin is ifreann 's is neamh";

LXVII.

'Sé is finnebhrogh neámhdha fagháil ar dhearbhthoil shógha; 'Sé is ifreann gránna scáil an anma á dhóghadh Tré lár an doircheacht smóil, ór lingeamair tráth, 'S a ghirreacht an spás nach fuláir dúinn casadh air go deó.

LXVIII.

Níl ionnainne acht fál íomháigh i ndruíochtlainn ghlé, Ag imtheacht de ghnáth ar stáir mórthimcheall léis, Is máighistir cinn na ngléas sa doircheacht áigh An t-inneal n-a láimh 's é lán de sholus ón ngréin;

LXIX.

Nó áireamh fuirinne an chluiche imrigheann sé léir Ar an gclár so fidhchille ar chroicnibh oidhche is lae; Ghá mbogadh seadh bhíonn gan staonadh, a lámhach 's á gcosc,

'S á sáth n-a nduine 's n-a nduine n-a bprímhnid fhéin.

21