Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/312

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
308
NIAṀ

“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do ċóṁairle ḋom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-ṡluaġ so. Is agam atá lá an ċaṫa do ċeapaḋ. Dá dtugainn an t-órdú' anois,” ar seisean, “ḃeimís ollaṁ ċun an ċaṫa do ṫusnú' go moċ ar maidin Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”

Do stad an draoi ar feaḋ tamail. Tar éis maċtnaiṁ do laḃair sé.

“Má troidtear an caṫ so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfiḋ Brian. Má troidtear an caṫ aon lá eile tuitfiḋ siḃ-se go léir.”

Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige d'iompuiġ sé ar a ṡáil agus d'imṫiġ sé ċun a ċábáin féin.

Do stad an ḃeirt, Bruadar agus Aṁlaoiḃ, ag feuċaint 'n-a ḋiaiġ. Nuair a ḃí sé imṫiġṫe as a raḋarc do laḃair Bruadar.

“Tuigim é,” ar seisean. “Má ṫroidimíd Dé h-Aoine beiḋ Donċaḋ gan filleaḋ agus beiḋ an ríġ cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an caṫ do ṫroid beiḋ Maolmórḋa imṫiġṫe ċun a ċúige do ċosaint, beiḋ Donċaḋ tagaiṫe ṫar n-ais agus na creaċa aige. Ċífiḋ an riġ cúige seo a deirir-se an dá níḋ sin, Maolmórḋa imṫiġṫe agus Donċaḋ tagaiṫe agus na creaċa aige, agus luiġfiḋ sé isteaċ i n' inead féin sa ċaṫ. Ansan beiḋ Brian ró láidir dúinn go léir. Siné bríġ na cainte sin adúḃairt an draoi. Ní foláir an focal do ċur amaċ anois ameasg na slóġ so go léir go ḃfuil an caṫ le tusnú' ar maidin Dé h-Aoine.”

Do cuireaḋ amaċ an focal. Do h-innseaḋ, leis, do'n ṁór-ṡluaġ go léir, an focal adúḃairt draoi Ḃruadair, dá dtroidtí an caṫ Dé h-Aoine go dtuitfeaḋ Brian, aċ dá ḃfágtí gan troid é níba ṡia 'ná go h-Aoine go dtuitfeaḋ na Loċlanaiġ agus a luċt conganta go léir. Do ṫuig an