Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/311

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
307
NIAṀ

ṁáṫair, pé cuma n-a ḃfuair sí amaċ é. Deir sí gur ceart dúinn an caṫ do troid láiṫreaċ sar an mbeiḋ uain ag Donċaḋ ar ṫeaċt ṫar n-ais.”

“Isé mo ṫuairim-se, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “go mbeiḋ easnaṁ níos mó 'ná easnaṁ Ḋonċaḋ agus a ḃuiḋne ar an Árdríġ nuair a ṫiocfaiḋ an caṫ.”

“Cad é an t-easnaṁ eile a ḋ'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ air?” arsa Bruadar.

“Tá ríġ cúige éigin ag déanaṁ a ḋíċil ċun a ċur ḟiaċaint ar ċuid des na ríġṫiḃ eile tarang siar ó Ḃrian agus ó Ḋál gCais nuair a ṫusnóċaiḋ an caṫ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Dar so 's súd aċ má deintear san beiḋ an caṫ ar ár dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóiċ leat,” ar seisean, “an ḃfuil ag eiriġe leis an ríġ cúige sin?”

“Do réir mar airiġeas an ċaint,” arsa Aṁlaoiḃ, “do ḃeartuiġeas go raiḃ ag eiriġe leis maiṫ go leór.”

“Ó, is maiṫ é sin!” arsa Bruadar. “Imṫiġ, a laoġ,” ar seisean, “agus cuir ċúġam an draoi.”

Fear ab eaḋ Bruadar a ḋein, i dtusaċ a ḃeaṫa, an rud céadna díreaċ a ḋein Aṁlaoiḃ nuair a ḃí sé i n-Inis Caṫaiġ. Do ġlac sé an Creideaṁ, agus ansan do ġlac sé na h-Úird i dtreó gur deineaḋ deacon dé. Ḋá ḋeacon ab eaḋ é féin agus Aṁlaoiḃ. Ansan níor lean Bruadar de'n Ċreideaṁ. Do ṡéan sé é agus ċaiṫ sé uaiḋ é, díreaċ mar a ḋein Aṁlaoiḃ. Nuair a ċaiṫ sé uaiḋ an Creideaṁ d' iompuiġ sé ar ḋiablaiḋeaċt agus ar ḋraoiḋeaċt agus ar ḋeaṁanaiḃ agus ar ṗiseógaiḃ, agus ar an uile ṡaġas deismireaċta de'n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raiḃ ar a ċumas a lán neiṫe iongantaċa do ḋéanaṁ le cóṁaċt deaṁan.

Ṫáinig an draoi. D'inis Bruadar dó conus mar a ḃí cuid de ṡluaġ Ḃriain imṫiġṫe amaċ ag creaċaḋ Cúige Laiġean, agus conus mar a ḃí cuid des na ríġṫiḃ ag iompáil i gcoinniḃ Ḃriain.